Ligeann an deis cuardaigh maidir le Taifid Eaglasta do dhuine taifid a chuardach maidir le hainm duine, suíomh, dáta nó na trí ghné sin in éineacht.
Nuair a bhíonn duine á chuardach, is féidir an t-ainm agus an sloinne a chur isteach má tá siad ar eolas. Is féidir, os a choinne sin, cuardach a dhéanamh gan a chur isteach ach sloinne, ach d’fhéadfadh go dtiocfadh líon mór torthaí ar chuardach den sórt sin agus go mbeadh gá le sonraí eile chun an cuardach a chúngú (féach an rannóg cúnta a bhaineann le hábhar).
Is tábhachtach a mheabhrú go bhfuil athscríobh déanta ar ainmneacha agus sloinnte ar an láithreán gréasáin seo mar a breacadh iad i mbunchláir na n-eaglaisí. Ní dhearnadh mílitriú a cheartú agus rinneadh athscríobh ar ainmneacha áirithe nuair nárbh inléite an t-iomlán. Tarlaíonn uaireanta go mbíonn ar thaighdeoir modhanna éagsúla a thriáil chun na taifid chuí a aimsiú.
Sa chás nach eol an litriú a úsáideadh maidir le hainm nó sloinne duine, is féidir leas a bhaint as carachtar saoróige agus réiltín (*) a chur isteach in ionad litreacha nach bhfuil ar eolas. Mar shampla, má chuardaítear le ‘M*Carthy’, gheofar torthaí maidir le ‘McCarthy’ agus le ‘MacCarthy’. D’fhéadfadh athscríobh ar shloinne ar ball tosaigh ann Ó (Ua), mar shampla O’Brien, a bheith i bhfoirm O’Brien, O Brien nó Obrien. Baintear triail as na leaganacha go léir. Tá sloinnte seachas a chéile ar deacair leaganacha orthu a mheabhrú. Mar shampla, i dtaifid Chiarraí, is minic a bhreactar McKenna i bhfoirm Gna, Gnaw, Guinaw, agus mar sin de. Leaganacha iad sin a tháinig chun cinn le himeacht aimsire mar gheall ar chúrsaí foghraíochta agus gnás dá réir.
Tá cuardach maidir le leaganacha éagsúla de shloinne ina ghné den deis cuardaigh. Déantar cuardach go huathoibríoch i mbunachar sonraí de leaganacha éagsúla sloinnte, nósanna éagsúla litrithe atá ar eolas san áireamh, agus cuirtear leaganacha éagsúla i láthair den ainm a cuardaíodh. Dá réir sin, má chuardaítear McKenna, cuirfear torthaí i láthair freisin maidir le MacKenna, Mc Kenna, M’Kenna, Gna, Guinaw, etc. Is áis ar an tairseach cuardaigh an deis seo maidir le leaganacha éagsúla de shloinnte agus ní áitítear gach leagan ná gach nós litrithe a thabhairt chun aire agus ní bheartaítear ceangal díreach idir sloinnte éagsúla a chur in iúl leis. Mar shampla, is coitianta mar shloinne McElligott i gCiarraí a dtarlaíonn ó am go chéile a athscríobh i bhfoirm Elliot, ach is sloinne neamhghaolmhar faoi leith Elliot chomh maith a tharlaíonn níos coitianta ná sin i dtaifid Bhaile Átha Cliath.
D’fhéadfadh casadh eile a theacht sa scéal más taifead ar leagan Laidine den ainm a luaitear de rogha ar leagan Béarla. Seo a leanas roinnt de na leaganacha Laidine is coitianta a dtiocfaí trasna orthu agus an t-aistriúchán Béarla.
-
- Carolus – Charles
- Demetrius – Jeremiah, Diarmuid, Darby
- Gulielmus – William
- Honoria – Nora
- Jacobus – James
- Joannes nó Ioannes – John
- Petrus – Peter
- Thaddeus – Timothy
Cuirtear i láthair gach taifead ina bhfuil an t-ainm/sloinne le torthaí an chuardaigh. D’fhéadfadh gur céile, duine clainne, tuismitheoir, Caras Críost, finné nó eile an duine ar a raibh an t-ainm/sloinne. Is ar an gcuma sin is fearr an seans go n-aimseofar an taifead atá de dhíth agus éascaítear freisin ceangal idir daoine a thabhairt chun suntais. Mar shampla, d’fhéadfadh gaol gairid ag Caras Críost nó finné (e.g. deartháir, deirfiúr, col ceathrar nó eile) le leanbh nó duine a phós.
Nuair a chuirtear torthaí cuardaigh i láthair, is féidir ach an cúrsóir a choinneáil os cionn aon toradh amháin, bosca aníos a chur ar taispeáint ina bhfuil fothacar de shonraí an taifid sin, rud a chuideodh leis an taighdeoir. Is féidir cliceáil ar achoimre taifid agus feicfear an taifead iomlán.
Is féidir leis an lucht taighde taifid a chuardach bunaithe ar an áit. Seo an leanas go bunúsach an leagan amach atá ar thaifid eaglasta maidir le cúrsaí topagrafaíochta: Deoise; Paróiste; Baile Fearainn nó Sráid. Nuair a dhéantar cuardach bunaithe ar áit, cuirtear i láthair le torthaí an chuardaigh gach taifead ina luaitear an t-ainm áite i réimse a bhaineann le seoladh nó le suíomh.
Nuair a bhíonn sráid, paráid, ascall, ardán, cearnóg, plásóg nó eile á chuardach, moltar gan a chur isteach ach ainm na sráide gan an dara cuid maidir le cineál na sráide a lua go fóill. Mar shampla, cuirtear isteach ‘Glengariff’, seachas ‘Glengariff Parade’, ‘Mountjoy’ seachas ‘Mountjoy Square’, agus ‘Park’ seachas ‘Park Avenue’.
San am a caitheadh, ní mar a chéile i gcónaí a luaití seoladh sna taifid agus is minic nach luaitear an seoladh ar chor ar bith sna taifid. Anuas ar an méid sin, tharlaíodh éagsúlacht mhór sa litriú ar ainmneacha na mbailte fearainn. D’fhéadfadh gur tháinig athrú, le linn thréimhse na dtaifead, ar theorainneacha seanbhunaithe bhaile fearainn, nó go rabhthas míchruinn ina leith, má bhain éiginnteacht ar bith le teorainn.
Tá acmhainní ar fáil ar líne a chuideodh le ceisteanna faoi chúrsaí topagrafaíochta, go háirithe maidir le hainm baile fearainn agus le suíomhanna.
- Is áis úsáid thagartha Bunachar Logainmneacha na hÉireann ar féidir a thapú ar líne ar www.logainm.ie. Is acmhainn thábhachtach seo ag lucht staire agus ag taighdeoirí ginealais. Cuirtear mioneolas ar fáil faoi áiteanna agus faoin gciall atá le logainmneacha.
- Tailte Eireann an ghníomhaireacht náisiúnta mapála in Éirinn agus is féidir a thapú ar líne ar Tailte Eireann. Tá deis idirghníomhach mapaí a fheiceáil ar an láithreán gréasáin trínar féidir le duine mapaí agus grianghraif ón aer d’áiteanna éagsúla a scrúdú.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gur áisiúil léargas a fháil ar na taifid uile a bhaineann le deoise nó le paróiste. Tugtar deis brabhsáil de réir limistéir a dhéanamh ar an mbunachar sonraí sa táb tosaigh maidir le Cuardach a dhéanamh ar thaifid eaglasta.
Má roghnaítear Deoise agus Paróiste faoi leith, cuirfear i láthair na taifid ghaolmhara ar fad maidir leis an limistéar sin de réir ord dáta.
Nuair a bhíonn critéir cuardaigh á gcur isteach maidir le torthaí tosaigh, b’fhéidir gur mhian le taighdeoir cúngú a dhéanamh ar thorthaí an chuardaigh tríd an rogha maidir leis sin a roghnú sa taobh-bharra le fuinneog na dtorthaí.
Is féidir mionroghnú a dhéanamh de réir chineál na hócáide trí roghnú idir taifid baiste, pósta nó adhlactha, ionas nach gcuirtear i láthair ach na taifid sin a bhaineann le hábhar duit. Is féidir dealú a dhéanamh ar thorthaí cuardaigh freisin maidir le deoise nó paróiste nó maidir le tréimhse céad bliain nó tréimhse deich mbliana, ach roghanna dá réir sa taobh-bharra a roghnú.
Líon na dtaifead a bhaineann le gach rogha atá i gceist leis na huimhreacha a fheictear leis na roghanna éagsúla sa taobh-bharra. Mar shampla, tugann “Lucan R.C. (70)”, “Palmerstown R.C. (14)” le fios go bhfuil 70 taifead ar na torthaí a bhaineann le Leamhcán agus 14 taifead a bhaineann le Baile Phámair.
Is féidir le taighdeoir ainm an dara duine atá ceangailte le hócáid a lua chomh maith, mar shampla an dara céile pósta. Má chuirtear sonraí sa bhosca do chuardach le duine breise, tabharfar cúngú ar thorthaí an chuardaigh ionas nach bhfeictear ach an chuid ina luaitear ainm an duine sin freisin sa taifead.
Is féidir cuardach a dhéanamh de réir dáta leis an deis cuardaigh, fiú mura mbíonn an dáta iomlán ar eolas. Mar shampla, i ndáil le mí Márta 1867, cuirtear 03 i mbosca na míosa agus 1867 i mbosca na bliana. Cuirfear i láthair gach taifead ina bhfuil an dáta sin i gceann de na réimsí dátaí.
I gcásanna áirithe, luaitear an dáta breithe i dtaifead baiste agus an dáta báis i dtaifead adhlactha. Déantar cuardach ar fud na réimsí dátaí sin chomh maith.
Cuirtear torthaí cuardaigh i láthair le dhá rogha sórtála is féidir a thapú ón meirge uachtair ar leathanach thorthaí an chuardaigh.
Rogha 1. Torthaí a shórtáil de réir ord cruinnis. Fágann sin go gcuirtear taifid i láthair san ord seo a leanas:
-
- Cruinneas réimse an chuardaigh, i.e. an litriú sonrach ar an ainm/sloinne mar a cláraíodh. Ní leagtar tábhacht chomh mór céanna ar leaganacha eile den ainm/sloinne agus cuirtear iad sin i láthair níos faide síos liosta na dtorthaí.
-
- Déantar taifid ar ionann an leibhéal cruinnis maidir leo a shórtáil i ndáil leis an líon uaireanta a dtagann an réimse cuardaigh i gceist. Mar shampla, sa chás go ndéantar cuardach maidir leis an sloinne Harrison, cuirfear taifid ina luaitear níos mó ná duine amháin den sloinne sin i láthair níos faide suas an liosta ná taifid le aon tagairt amháin don sloinne.
-
- Ar an ngné dheireanach den tsórtáil, cuirtear na taifid in ord dhátaí na n-ócáidí.
Rogha 2. Torthaí a shórtáil de réir ord dátaí. Is de réir dháta na hócáide a shocraítear an t-ord ina gcuirtear na taifid i láthair. Tugann an rogha seo deis don staraí sóisialta imeachtaí i limistéar faoi leith a léiriú de réir ama.
Tá teacht ar líon mór taifead Baiste, Pósta agus Adhlactha roimh an 20ú aois is luaithe i gcuid mhaith cásanna ná aon Chlár Sibhialta atá ar fáil. Áirítear orthu sin:
- Athscríbhinn na dtaifead baiste agus na dtaifead pósta i nDeoise Chaitliceach Rómhánach Chiarraí anall go dtí c. 1900
- Gach clár baiste, pósta agus adhlactha a bhaineann leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach i gCathair Bhaile Átha Cliath
- Gach taifead baiste de chuid Eaglais na hÉireann atá ar marthain
- Gach clár pósta agus adhlactha a bhaineann le Cathair Bhaile Átha Cliath
Caomhnaítear sna taifid eaglasta sonraí baiste, pósta agus adhlactha a bhaineann le paróiste, eaglais nó pobal faoi leith agus a thiomsaigh an t-eaglaiseach cuí sa chuid is mó de na cásanna.
Tá éagsúlacht mhór i gceist le leibhéal mioneolais na dtaifead agus d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith i gceist le taifid aon pharóiste, eaglais nó pobal ar bith le himeacht aimsire.
Go ginearálta, bíonn tuairisc i dtaifead baiste ar an dáta baiste; ainmneacha agus sloinne an linbh agus na dtuismitheoirí agus ainmneacha/sloinnte na ndaoine a sheas leis an leanbh. D’fhéadfadh seoladh an teaghlaigh agus ainm an eaglaisigh a bheith ar taifead chomh maith.
Is iondúil an dáta pósta, ainmneacha/sloinnte na gcéilí pósta agus ainmneacha/sloinnte na bhfinnéithe a lua sna taifid pósta. D’fhéadfadh eolas eile, mar shampla ainmneacha/sloinnte thuismitheoirí na gcéilí pósta, áiteanna cónaithe, aoiseanna, slite beatha na gcéilí pósta agus ainm an eaglaisigh a bheith ar taifead chomh maith.
Ní móide go leor faisnéise ar thaifead adhlactha na hEaglaise Caitlicí, tarlaíonn go minic gan ann ach tuairisc ar an dáta adhlactha, ainm agus sloinne agus seoladh an té a d’éag agus, b’fhéidir, aois an duine sin. Is iomaí paróiste nach raibh clár adhlactha iontu roimh an mbliain 1900 agus is iondúil gur sa leath thuaidh den oileán na paróistí ina raibh. Bhí claonadh níos mó sonraí adhlactha a lua i dtaifid Eaglais na hÉireann.
Uaireanta, d’fhéadfadh tuairisc breise sna taifid, mar shampla ainm agus sloinne fhinnéithe breise nó sonraí faoi ócáidí níos deireanaí a bhain le duine de na daoine.