Skip to main content

Is iad na taifid shibhialta taifid oifigiúla an stáit maidir le breitheanna, básanna agus póstaí.   Déanann an tArd-Chláraitheoir cláir na mbreitheanna, na bpóstaí agus na mbásanna, maille leis na hinnéacsanna a ghabhann leo, a choimeád sa Phríomh-Oifig Chlárúcháin (nó Oifig an Ard-Chláraitheora). Is féidir leabhair na nInnéacsanna a fheiceáil sa Phríomh-Oifig Chlárúcháin, Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 8, D08 E277.

Is í an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (nó Oifig an Ard-Chláraitheora) an taisce shibhialta lárnach maidir le taifid a bhaineann le breith, marbh-bhreith, uchtú, pósadh, páirtnéireacht shibhialta agus bás in Éirinn. Faoi scáth na Roinne Coimirce Sóisialaí a fheidhmíonn an Phríomh-Oifig Chlárúcháin ar a leagtar an cúram riaracháin maidir leis an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta in Éirinn. Tá an Phríomh-Oifig Chlárúcháin lonnaithe in Áras an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Co. Ros Comáin, F42 VX53.

Tá an tArd-Chláraitheoir freagrach as an mbainistíocht agus an rialáil ar an gcóras clárúcháin in Éirinn ach tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as obair na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta ó lá go lá a thabhairt i gcrích trí chóras oifigí áitiúla seirbhíse clárúcháin sibhialta ar fud an Stáit.

Innéacsanna le Taifid Shibhialta na hÉireann maidir le Breitheanna, Básanna agus Póstaí

Baineann na hInnéacsanna le Taifid Shibhialta na hÉireann maidir le Breitheanna, Básanna agus Póstaí leis an ré ó 1864 i leith agus taifid ar Phóstaí nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach ar fáil ó 1845 i leith.

Is iad seo a leanas na tréimhsí a bhaineann leis na hInnéacsanna stairiúla atá foilsithe leis na Taifid Shibhialta maidir le Breitheanna, Básanna agus Póstaí:

  • Breitheanna: 1864 go 1923
  • Póstaí: 1845* go 1948
  • Básanna: 1871** go 1973

 

Íomhánna cláir maidir le Taifid Shibhialta Breitheanna, Básanna agus Póstaí na hÉireann

Is iad seo a leanas na blianta a bhaineann leis na taifid Breitheanna, Básanna agus Póstaí stairiúla atá foilsithe:

  • Breitheanna: 1864 go 1923
  • Póstaí: 1845* go 1948
  • Básanna: 1871** go 1973

 

*Tá taifead ón mbliain 1845 ar Phóstaí nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach Rómhánach, tá taifead ón mbliain 1864 ar Phóstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

**Tá an Phríomh-Oifig Chlárúcháin ag obair faoi láthair ar thaifid breise ar Bhásanna siar chomh fada le 1864 a leasú. Beidh siad sin san áireamh nuair a dhéantar leasú arís maidir leis na taifid a atá ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Mar gheall ar na rialacha maidir le cosaint sonraí, ní bhíonn teacht ar thaifead breitheanna go mbíonn 100 bliain caite, ar thaifead pósta go mbíonn 75 bliain caite ná ar thaifead báis go mbíonn 50 bliain caite. Déantar na sonraí a leasú uair in aghaidh na bliana féilire agus tugtar san áireamh leis an leasú sin na taifid maidir le haon bhliain breise amháin maille le haon athrú a cuireadh ar na taifid ó tharla an leasú roimhe sin.

Breitheanna
Roimh-1900             CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Linbh Sloinne an Linbh Ceantar CC/Ceantar Clár. Ní bhaineann le hábhar Bliain Breithe an Linbh Ní bhaineann le hábhar
1900 – 1923 CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Linbh Sloinne an Linbh Ceantar CC/Ceantar Clár. Inscne an Linbh Dáta Breithe an Linbh Sloinne na Máthar Tráth a Breithe

 

Póstaí
1845*-1948 CA Clárúcháin Grúpa Céile1 Ainm Céile1 Sloinne Céile2 Ainm Céile2 Sloinne An Dáta Pósta Ceantar CC/Ceantar Clár.
Pósadh 1845-1864 nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach

 

Básanna
1864-1877 Ainm Sloinne Bliain an Bháis Aois Tráth an Bháis An Ceantar inar Cláraíodh Bliain an Tuairisceáin Ráithe an Tuairisceáin

 

Imleabhar

Leathanach

1871 – 1966 CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Éagaigh Sloinne an Éagaigh Aois an Éagaigh Tráth an Bháis Ceantar CC/Ceantar Clár. Bliain Bhás an Éagaigh Ní bhaineann le hábhar
1967-1973 CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Éagaigh Sloinne an Éagaigh Aois an Éagaigh Tráth an Bháis Ceantar CC/Ceantar Clár. Dáta Bhás an Éagaigh Ní bhaineann le hábhar

Cad a chiallaíonn cóip d’iontráil?

Bíonn an fhaisnéis chéanna ar chóip d’iontráil agus a bheadh ar dheimhniú (breithe, pósta, báis) ach is maidir le hobair thaighde amháin a úsáidtear cóip d’iontráil. Cosnaíonn cóip d’iontráil sa chlár €5.

 

 

Conas a fhaighim cóip d’iontráil

Chun cóip d’iontráil a iarraidh, íoslódáil an fhoirm seo anseo agus seol an fhoirm líonta ar an ríomhphost chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin: [email protected]

Cad a chiallaíonn deimhniú?

Is cóip dheimhnithe d’iontráil sa chlár atá sa deimhniú a úsáidtear maidir le cúrsaí dlí agus riaracháin. Cosnaíonn deimhniú €20.

Conas a fhaighim deimhniú?

Chun deimhniú a iarraidh, íoslódáil an fhoirm seo anseo agus seol an fhoirm líonta ar an ríomhphost chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin: [email protected]

 

 

I gceantar/oifig clárúcháin áitiúil a dhéantar Clár Sibhialta a thiomsú.

Tá mapa úsáideach ar láithreán gréasáin John Grenham de na Ceantair Cláraitheoireachta Stairiúla is féidir a úsáid mar threoir.

Bhíodh oifigí clárúcháin áitiúla sna limistéir éagsúla agus déantar tagairt dóibh sin ar roinnt de na taifid is sine. Thagadh réimse tíre faoi leith faoi scáth na n-oifigí sin agus ní tagairt ionad na hoifige don ionad faoi leith inar tharla Breith, Pósadh ná Bás. Bíonn an t-eolas sin ar fáil ar an deimhniú iomlán nó ar chóip iomlán den iontráil sa chlár.

Is féidir íomhánna stairiúla maidir le breitheanna níos mó ná 100 bliain ó shin agus póstaí níos mó ná 75 bliain ó shin a fheiceáil ar an láithreán gréasáin seo.

Sa chás nach mian le duine go mbeadh íomhá agus sonraí a t(h)aifid breithe níos mó ná 100 bliain ó shin nó a t(h)aifead pósta níos mó ná 75 bliain ó shin ar fáil ar líne, is féidir iarratas a dhéanamh i scríbhinn go ndéantar na taifid ar www.irishgenealogy.ie a fholú.

Ní mór an t-ainm, an dáta pósta/breithe, an ceantar clárúcháin agus sonraí comhfhreagrais a lua go mionsonraithe san iarratas agus a sheoladh chuig:

An tAonad Ealaíon, Scannánaíochta agus Infheistíochta,

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,

Áras an Rialtais, An Bóthar Nua,

Cill Airne,

Co. Chiarraí,

V93 A49X.

nó ar an ríomhphost chuig [email protected].

Is féidir leis an duine féin nó le duine údaraithe thar a cheann an t-iarratas a dhéanamh. Tugtar chun aire go bhféadfadh an Roinn eolas breise a lorg go mbítear dearfa faoin iarratas.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh íomhá de thaifead atá curtha ar ceal a bheith le feiceáil ar an láithreán gréasáin seo.

Sa chás nach mian le duine go mbeadh íomhá cealaithe ar fáil ar líne, is féidir iarratas a dhéanamh i scríbhinn go ndéantar na taifid ar www.irishgenealogy.ie a fholú.

Is féidir iarratas ina leagtar amach go mion an iontráil chealaithe atá i gceist a sheoladh chuig:

An tAonad Ealaíon, Scannánaíochta agus Infheistíochta,

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,

Áras an Rialtais, An Bóthar Nua,

Cill Airne,

Co. Chiarraí,

V93 A49X.

nó ar an ríomhphost chuig [email protected].

Is féidir leis an duine féin nó le duine údaraithe thar a cheann an t-iarratas a dhéanamh. Tugtar chun aire go bhféadfadh an Roinn eolas breise a lorg chun an t-iarratas a dheimhniú.