Skip to main content

Suíomh gréasáin faoi úinéireacht an rialtais is ea www.irishgenealogy.ieatá á oibriú agus á bhainistiú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (ar a ngairfear feasta “an Roinn”). Tá fáil saor in aisce ar ábhar an tsuímh seo agus is féidir é a íoslódáil agus a úsáid go pearsanta nó go gairmiúil d’fhonn taighde a dhéanamh ar stair teaghlaigh. É sin ráite áfach, ní cheadaítear aon chineál atáirgthe neamhúdaraithe, lena n-áirítear é a asbhaint agus/nó a stóráil in aon chóras aisghabhála nó a chuimsiú in aon chlár nó in aon saothar ríomhaireachta eile.

Is marcanna dílsithe de chuid na Roinne iad na hainmneacha, íomhánna agus lógónna atá ina gcomharthaí aitheantais ag an Roinn nó ag suíomh www.irishgenealogy.ie.  Ní cheadaítear logó na Roinne ná logó www.irishgenealogy.ie agus / nó aon lógónna a bhaineann le tríú páirtí agus a raibh rochtain faighte orthu trí shuíomh gréasáin na Roinne a úsáid gan cead a bheith faighte roimh ré ón Roinn nó ón té ag a bhfuil an cóipcheart cuí.

Séanadh

Bhíothas cúramach maidir le cruinneas an ábhair ar an suíomh gréasáin seo a chinntiú agus má chuirtear earráidí nó easnaimh in iúl don Roinn déanfar leasuithe chomh tapa agus is féidir.

Mar sin féin, i gcás aon sonraí a dtugtar le fios go soiléir nach ábhar de chuid na Roinne atá iontu ní gá gur léargas iad ar thuairimí ná ar dhearcadh na Roinne. Ní ghlacann an Roinn le haon dliteanas maidir le hábhar na sonraí seo nó le caillteanas ar bith a tharlódh don úsáideoir ina dhiaidh sin de bharr aon rud atá ar an suíomh seo nó mar thoradh ar aon earráid nó easnamh atá anseo.

D’fhéadfadh an suíomh gréasáin seo naisc a chur ar fáil chuig láithreáin ghréasáin nó acmhainní eile. Tá na naisc seo á gcur ar fáil mar áis d’úsáideoir an tsuímh seo amháin seachas mar thacaíocht don ábhar atá ar na suíomhanna tríú páirtí sin.     Ina theannta sin, ní ghlacfar aon fhreagracht maidir le hinfhaighteacht suíomhanna nó acmhainní seachtracha den chineál sin, nó i gcás aon ábhar, táirgí, seirbhísí nó ábhair eile atá ar na láithreáin nó sna hacmhainní sin nó atá ar fáil uathu. Is ar phriacal an úinéara féin go hiomlán a théann sé ón suíomh seo chuig suíomhanna tríú páirtí.  Ba chóir aon deacrachtaí a bhaineann le naisc sheachtracha a phlé go díreach le riarthóir nó le máistir gréasáin an tríú páirtí.