Láithreáin Gréasáin úsáideacha Maidir le hÁiteanna, Ainmneacha agus Sloinnte in Éireann:
- Logainm – Bunachar Sonraí Logainmneacha na hÉireann: Acmhainní maidir le sonraí, taifid agus ábhar taighde faoi logainmneacha sa Stát. Tá teacht freisin ar mhapaí stairiúla.
- S Wilson – Ábhar treorach maidir le Ceantair Clárúcháin Sibhialta.
- John Grenham – Láithreán ar a bhfuil mapaí éagsúla, ina measc mapaí na bparóistí sibhialta, mapaí pharóistí Caitliceacha, mapaí na nAontas faoi Dhlí na mBocht, mapaí na mbarúntachtaí agus cuid mhór eile.
- Mapaí Shloinnte na hÉireann – Láithreán ar a bhfuil mapaí leis na sloinnte de réir na faisnéise atá ar fáil ó dhaonáireamh na hÉireann 1901 agus 1911.
- Láithreán gréasáin Leitrim-Roscommon Genealogy – Tá inneall cuardaigh ar fáil le cuardach a dhéanamh ar bhunachar sonraí bailte fearainn i Liatroim agus i Ros Comáin.
- Bunachar sonraí bailte fearainn IreAtlas – Bunachar sonraí maidir le bailte fearainn.
- Tailte Éireann – An ghníomhaireacht stáit atá freagrach as clárú talún, luacháil maoine agus seirbhísí náisiúnta mapála in Éirinn. Rinneadh a bhunú tríd an Údarás Clárúcháin Maoine, an Oifig Luachála agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann a chónascadh.
- Townlands.ie – Is féidir ionad gach baile fearainn a aimsiú a bhfuil ainm an bhaile in úsáid faoi láthair, chomh maith le réimse an bhaile sin agus na mbailte máguaird.
- Dúchas.ie – Aimsigh ábhar béaloidis a bailíodh maidir le ceantar faoi leith nó le háit áirithe.