Taifid maidir le Diaspóra na hÉireann:
D’fhéadfadh gur mine na sonraí ar thaifid daoine a rinne imirce ná ar na taifid orthu atá ar fáil in Éirinn.
Is díol suntais na bailiúcháin seo i measc taifid eile:
- Sasana agus an Bhreatain Bheag – Tá taifid sa General Register Office ón mbliain 1837 i leith. Níl aon chuid de chláir na clárlainne ar líne ach tá beagnach iomlán na n-innéacsanna ar fáil ar an láithreán gréasáin ‘FreeBMD’.
- Scotland’s People – Taifid breithe, pósta agus báis na hAlban ón mbliain 1855 ar aghaidh. Tugtar tuairisc sna taifid báis ar ainm, sloinne agus seoladh chéile, athair agus máthair an té a d’éag. Tá taifead ar chuid mhaith a rinne imirce as Éirinn.
- Taifid Báis san Astráil – Tá forléargas ar thaifid báis na hAstráile ar fáil ar láithreán gréasáin ‘CoraWeb’.Luaitear ainm agus seoladh athair agus mháthair an té a d’éag ar na taifid seo. I gcás chuid mhaith a rinne imirce as Éirinn, d’fhéadfadh nach mbeadh tuairisc ar bith eile ar an eolas sin. Ní mar a chéile an bhliain tosaigh maidir leis na taifid seo i ngach ceann de stáit na hAstráile.
- Taifid Pósta sna Stáit Aontaithe – Tá bailiúchán de thaifid pósta as na Stáit Aontaithe ar fáil ar an láithreán gréasáin ‘Family Search’.Ní mar a chéile an bhliain ar cuireadh tús leis an taifeadadh sna Stáit éagsúla agus ní mar a chéile na sonraí a bailíodh.
- The Statue of Liberty Ellis Island Passenger Search Database Tá 65 milliún taifead maidir le paisinéirí a tháinig i dtír i gCalafort Nua-Eabhrac idir na blianta 1820 agus 1957 sa bhunachar sonraí. Tá comhairle ar fáil maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as an mbunachar sonraí ar an leathanach Genealogy Primer.
- Irish Passenger Lists Research Guide agus One-Step Webpages le Stephen P. Morse Cuirtear eolas ar fáil faoi liostaí paisinéirí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada atá ar coimeád sna calafoirt inar tháinig daoine i dtír. Tá cuid mhór acu seo a ndearnadh iad a fhoilsiú nó a dhigitiú.
- An Chartlann Náisiúnta Tá réimse leitheadach taifead i dtaisce sa Chartlann Náisiúnta maidir le príosúnaigh a sheoladh as Éirinn chun na hAstráile idir 1788 agus 1868 agus tá siad sin ar fáil ar bhunachar na sonraí díbeartha. I gcásanna áirithe, tá taifid san áireamh freisin maidir le daoine de theaghlach príosúnaigh a tugadh thar lear ina saoráitritheoirí.
- The National Archives of Australia Tá bailiúchán de dheiseanna cuardaigh ar fáil.
- Family Search Tá teacht anseo ar bhailiúchán de Liostaí Paisinéirí maidir le daoine a rinne imirce don Nua-Shéalainn.