Skip to main content

Breitheanna
Roimh-1900             CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Linbh Sloinne an Linbh Ceantar CC/Ceantar Clár. Ní bhaineann le hábhar Bliain Breithe an Linbh Ní bhaineann le hábhar
1900 – 1923 CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Linbh Sloinne an Linbh Ceantar CC/Ceantar Clár. Inscne an Linbh Dáta Breithe an Linbh Sloinne na Máthar Tráth a Breithe

 

Póstaí
1845*-1948 CA Clárúcháin Grúpa Céile1 Ainm Céile1 Sloinne Céile2 Ainm Céile2 Sloinne An Dáta Pósta Ceantar CC/Ceantar Clár.
Pósadh 1845-1864 nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach

 

Básanna
1864-1877 Ainm Sloinne Bliain an Bháis Aois Tráth an Bháis An Ceantar inar Cláraíodh Bliain an Tuairisceáin Ráithe an Tuairisceáin

 

Imleabhar

Leathanach

1871 – 1966 CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Éagaigh Sloinne an Éagaigh Aois an Éagaigh Tráth an Bháis Ceantar CC/Ceantar Clár. Bliain Bhás an Éagaigh Ní bhaineann le hábhar
1967-1973 CA Clárúcháin Grúpa Ainm an Éagaigh Sloinne an Éagaigh Aois an Éagaigh Tráth an Bháis Ceantar CC/Ceantar Clár. Dáta Bhás an Éagaigh Ní bhaineann le hábhar

Níl ar ár gcumas seirbhís taighde maidir le stair teaghlaigh a chur ar fáil. Más mian leat duine a choimisiúnú chun taighde a dhéanamh thar do cheann, tá liosta Taighdeoirí á choinneáil ag an Leabharlann Náisiúnta díobh siúd – más duine aonair nó eagraíocht príobháideach – a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil siad sásta taighde maidir le stair teaghlaigh agus eile a dhéanamh ar bhonn gairmiúil agus táille á íoc leo. Cuireann Ginealeolaithe Creidiúnaithe na hÉireann  seirbhís mar sin ar fáil freisin.

Innéacsanna le Taifid Shibhialta na hÉireann maidir le Breitheanna, Básanna agus Póstaí

Baineann na hInnéacsanna le Taifid Shibhialta na hÉireann maidir le Breitheanna, Básanna agus Póstaí leis an ré ó 1864 i leith agus taifid ar Phóstaí nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach ar fáil ó 1845 i leith.

Is iad seo a leanas na tréimhsí a bhaineann leis na hInnéacsanna stairiúla atá foilsithe leis na Taifid Shibhialta maidir le Breitheanna, Básanna agus Póstaí:

  • Breitheanna: 1864 go 1923
  • Póstaí: 1845* go 1948
  • Básanna: 1871** go 1973

Íomhánna cláir maidir le Taifid Shibhialta Breitheanna, Básanna agus Póstaí na hÉireann

Is iad seo a leanas na blianta a bhaineann leis na taifid Breitheanna, Básanna agus Póstaí stairiúla atá foilsithe:

  • Breitheanna: 1864 go 1923
  • Póstaí: 1845* go 1948
  • Básanna: 1871** go 1973

*Tá taifead ón mbliain 1845 ar Phóstaí nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus taifead ón mbliain 1864 ar Phóstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

**Tá an Phríomh-Oifig Chlárúcháin ag obair faoi láthair ar thaifid bhreise ar Bhásanna siar chomh fada le 1864 a leasú. Beidh siad sin san áireamh nuair a dhéantar leasú arís maidir leis na taifid atá ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Déantar na sonraí a leasú uair in aghaidh na bliana féilire agus tugtar san áireamh leis an leasú sin taifid aon bhliain breise amháin maidir le gach teagmhas, maille le haon athrú a cuireadh ar na taifid ó tharla an leasú roimhe sin. Is iondúil gur i rith ráithe tosaigh na bliana a tharlaíonn an leasú bliantúil. Coinnigh súil ar an láithreán gréasáin maidir leis an bhfaisnéis is deireanaí.

Déanfar an iontráil sa chlár nó an fhaisnéis in innéacs a cheartú sa chás sin amháin go bhfuil míchruinneas i gceist maidir leis an mbuniontráil a athscríobh. Sa chás go mbaineann earráid leis an mbuniontráil féin, déanfar an cheist maidir le ceartúchán a mheas má iarrann duine sin ag a bhfuil leas san ábhar (de réir fhorálacha Alt 63 an Achta um Chlárú Sibhialta, 2004) agus cruthúnas á chur ar fáil a bhaineann le hábhar. Sampla dá leithéid sin an litriú Bourke a bheith ar an sloinne ag an teaghlach ach Burke a bheith in úsáid don bhunchlárú.

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin, Áras an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Co. Ros Comáin a eisíonn deimhniú.

 

Bíonn an fhaisnéis chéanna ar chóip d’iontráil agus a bheadh ar dheimhniú (breithe, pósta, báis) ach is maidir le hobair thaighde amháin a úsáidtear cóip d’iontráil. Cosnaíonn cóip d’iontráil sa chlár €5.

Conas a fhaighim cóip d’iontráil?

Chun cóip d’iontráil a iarraidh, íoslódáil an fhoirm seo anseo agus seol an fhoirm líonta ar an ríomhphost chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin: [email protected]

Cad a chiallaíonn deimhniú?

Is cóip dheimhnithe d’iontráil sa chlár atá sa deimhniú a úsáidtear maidir le cúrsaí dlí agus riaracháin. Cosnaíonn deimhniú €20.

Conas a fhaighim deimhniú?

Chun deimhniú a iarraidh, íoslódáil an fhoirm seo anseo agus seol an fhoirm líonta ar an ríomhphost chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin: [email protected]

An Roinn Gnóthaí Eachtracha atá freagrach as ceisteanna maidir le Saoránacht de bharr ginealais agus le hiarratas ar Phas. Tá ábhar treorach ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne sin.

Baineann Clár na mBreitheanna Coigríche le daoine ar féidir leo a iarraidh go ndéantar saoránach de chuid na hÉireann díobh mar gheall ar sheantuismitheoir a rugadh in Éirinn nó go mba saoránach de chuid na hÉireann, cé nach in Éirinn a rugadh é/í, duine de na tuismitheoirí an tráth ar rugadh an t-iarratasóir. Tá gach eolas maidir le Breith Coigríche a Chlárú ar fáil ar an láithreán gréasáin ag An Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Tá taifid shibhialta ar fáil ar an láithreán gréasáin seo maidir le hoileán na hÉireann ar fad anall go dtí an bhliain 1922.  Ón dáta sin ar aghaidh, tá taifid shibhialta Thuaisceart Éireann i bPríomh-Oifig Chlárúcháin Thuaisceart Éireann agus tá seirbhís ar líne ag an Oifig sin.

D’fhéadfadh go gcuirfí taifid breise lena bhfuil ar fáil in am tráth.

Is féidir íomhánna digitithe agus innéacs inchuardaithe de thuairisceáin na dteaghlach agus de thaifid theagmhasacha maidir le Daonáireamh na hÉireann 1901 agus 1911 a thapú ar láithreán gréasáin an Daonáirimh ag an gCartlann Náisiúnta.

Beidh na tuairisceáin éagsúla ó Dhaonáireamh na bliana 1926 á bhfoilsiú ar líne ag an gCartlann Náisiúnta i mí Aibreán 2026.

Baintear úsáid as Google reCAPTCHA ós é an modh is éifeachtúla é le láithreán gréasáin a choinneáil slán an tráth céanna a ligtear do dhaoine a úsáid go héasca agus go furasta. Dá ainneoin sin, ní foláir brabhsálaí agus fearas slándála an úsáideora a bheith cothrom le haimsir, nó oibreoidh an captcha níos mó ná aon uair amháin sula dtugtar deis an láithreán gréasáin a úsáid.

Tástáil Turing is ea an “CAPTCHA” trína n-aithnítear duine ó bhota. Is furasta do dhuine an cheist a scaoileadh ach is deacair do bhota nó do bhogearra mailíseach sin a dhéanamh. Trí reCAPTCHA a chur i bhfearas ar an láithreán gréasáin, cuidítear le bogearraí uathoibríochta a bhac an tráth céanna a ligtear do thaighdeoirí an láithreán a thapú go héasca.

Má tá comhairle breise de dhíth ort chun deacracht le ReCAPTCHA a leigheas, féach: Cúnamh le Google ReCAPTCHA.

Níl aon deis ar an láithreán gréasáin tuairisc a thabhairt ar earráid i ndáil le Taifead Eaglasta.

Tá taifid eaglasta ar fáil a bhaineann le Baile Átha Cliath, Corcaigh, Ciarraí agus Ceatharlach.Tá íomhánna ar fáil ar líne ag an Leabharlann Náisiúnta de chóipeanna micreascannáin de thaifid pharóistí Caitliceacha.Áirítear ar fhoinsí eile ar líne an láithreán gréasáin atá ag an Irish Family History Foundation. Tugtar chun aire gur láithreán gréasáin sin a mbíonn síntiús le híoc ina leith.

 

Tarlaíonn uaireanta gur i rith na bliana dár gcionn a cláraíodh Breith/Bás/Pósadh, go háirithe nuair is ag teannadh le deireadh na bliana a tharla an Bhreith/Bás/Pósadh féin.

Faoi láthair, níl íomhá ar fáil maidir le bás ar bith a cláraíodh idir 1864 – 1871.

Tá líon beag cásanna eile freisin nach bhfuil teacht ar íomhá de leathanach an chláir mar gheall gur tharla an taifead a chlárú nó a leasú i rith bhliain eile ina dhiaidh sin nó mar gheall go bhfuil deacracht le caighdeán an bhuníomhá.

Is féidir fótachóip nó deimhniú oifigiúil a fháil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin

 

Cuireadh córas cláraitheachta sibhialta na hÉireann ar bun i mí Aibreán 1845 ach é teoranta ar dtús maidir le pósadh nach pósadh san Eaglais Chaitliceach agus pósadh sibhialta in oifig cláraitheachta. Ó mhí Eanáir 1864, bhí dlite gach breith, pósadh agus bás a chlárú leis na húdaráis áitiúla. Dheintí cláir a thiomsú i ngach Ceantar Ceann-Chláraitheora sa chontae*, ceantar clárúcháin áitiúil sa lá atá inniu ann.

*Tharlaíodh ó am go chéile réimsí talún as contae teorainneach leis i gCeantar chomh maith.

Tá mapa agus liosta de na ceantair sin le feiceáil anseo.

Faisnéis a bhaineann leis an iontráil atá sna nótaí imeallacha agus is ceart iad a léamh i gcónaí in éineacht leis an iontráil.

Is iondúil go mbaineann na nótaí le

  • Leasú (cóip dheimhnithe) agus déantar an leasú sin a cheangal leis mar íomhá breise.
  • Ceartú ar leathanach an chláir (níl aon íomhá breise i gceist).
  • Athchlárú le tagairt don áit a bhfuil an iontráil nua clárúcháin le fáil.