Skip to main content

Labhair le do chuid gaolta. D’fhéadfadh eolas a bheith cheana féin ag duine muinteartha leat a mbeadh cuid mhaith ama i gceist lena aimsiú i mbunachair sonraí ginealais. Beidh cruinniú an eolais sin ina thús maith ag duine sula dtosaítear ag plé le taifid. Tosaítear leis an méid atá ar eolas agus baintear leas as sin chun níos mó a fháil amach.   Glac le gach mír faisnéise mar ábhar fianaise agus úsáidtear sin le breis eolais a aimsiú a bheidh ina bhonn fianaise le haghaidh tuilleadh fiosraithe arís eile.

Cé go mbítear mionsainiúil sa lá atá inniu ann faoi fhoirm sloinne, ba choitianta an rud éagsúlacht mhór a bheith sa litriú ar shloinnte ar thaifid roimh an 20ú aois. Tharlaíodh mílitriú agus leaganacha éagsúla Béarla ar shloinnte tráth nach mbíodh litearthacht chomh coitianta céanna agus tráth arbh í an Ghaeilge an teanga dúchais ag níos mó de dhaonra na hÉireann.

Is minic míchruinneas i gceist leis an tuairisc ar aois duine. Go dtí an 20ú aois, níorbh neamhchoitianta éiginnteacht faoi aois dhaoine.

Nuair a bhítear i mbun taighde, is furasta a tharlódh eolas á charnadh go tréan, go háirithe i bhfíorthús na hoibre. Is tábhachtach an rud smaoineamh ón tús ar an modh ina gcoinneofar tuairisc ar an bhfaisnéis a chruinnítear agus í a stóráil. Tá roinnt pacáistí bogearra nó láithreáin gréasáin ar fáil nach bhfuil róchostasach a chuidíonn le faisnéis a choinneáil in ord agus in eagar.

Is coitianta taifid a chuardach san ord seo a leanas: