Sula gCuardaítear Taifid:
Labhair le do chuid gaolta. D’fhéadfadh eolas a bheith cheana féin ag duine muinteartha leat a mbeadh cuid mhaith ama i gceist lena aimsiú i mbunachair sonraí ginealais. Beidh cruinniú an eolais sin ina thús maith ag duine sula dtosaítear ag plé le taifid. Tosaítear leis an méid atá ar eolas agus baintear leas as sin chun níos mó a fháil amach. Glac le gach mír faisnéise mar ábhar fianaise agus úsáidtear sin le breis eolais a aimsiú a bheidh ina bhonn fianaise le haghaidh tuilleadh fiosraithe arís eile.
Sloinneadh agus Forimeacha Sloinnte:
Cé go mbítear mionsainiúil sa lá atá inniu ann faoi fhoirm sloinne, ba choitianta an rud éagsúlacht mhór a bheith sa litriú ar shloinnte ar thaifid roimh an 20ú aois. Tharlaíodh mílitriú agus leaganacha éagsúla Béarla ar shloinnte tráth nach mbíodh litearthacht chomh coitianta céanna agus tráth arbh í an Ghaeilge an teanga dúchais ag níos mó de dhaonra na hÉireann.
Dátaí:
Is minic míchruinneas i gceist leis an tuairisc ar aois duine. Go dtí an 20ú aois, níorbh neamhchoitianta éiginnteacht faoi aois dhaoine.
Breac Taifead ar gach Rud:
Nuair a bhítear i mbun taighde, is furasta a tharlódh eolas á charnadh go tréan, go háirithe i bhfíorthús na hoibre. Is tábhachtach an rud smaoineamh ón tús ar an modh ina gcoinneofar tuairisc ar an bhfaisnéis a chruinnítear agus í a stóráil. Tá roinnt pacáistí bogearra nó láithreáin gréasáin ar fáil nach bhfuil róchostasach a chuidíonn le faisnéis a choinneáil in ord agus in eagar.
Tús Maith:
Is coitianta taifid a chuardach san ord seo a leanas:
- Taifid Oifig an Ard-Chláraitheora – Is féidir deimhniú a fháil sna taifid stáit maidir le breitheanna, básanna agus póstaí ar fhaisnéis atá ar eolas faoi stair na muintire.Déantar na teastais a bhreithniú agus cíortar an fhaisnéis ar fad – bíonn an-leas as taifid pósta.
- Tuairiscí Daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 – Is stuama an beart tosú le Daonáireamh 1901 agus 1911.Níl aon táille i gceist, tá sé leagtha amach ar bhealach nádúrtha agus tá íomhánna ar fáil de na foirmeacha daonáirimh ar fad.Tugtar tuairisc iontu seo ar a raibh sa teach oíche an daonáirimh, maille le haois, slí bheatha agus contae dúchais na ndaoine sin, agus, i gcás dhaonáireamh na bliana 1911, an méid blianta a bhí daoine pósta.
- Taifid Oifig an Ard-Chláraitheora arís.– Leis an bhfaisnéis ó thuairisceáin daonáirimh, is féidir cuardach a dhéanamh ar fud thaifid Oifig an Ard-Chláraitheora arís maidir le glúnta níos luaithe.
- Taifid réadmhaoine – Beidh faisnéis ó thaifid Oifig an Ard-Chláraitheora ina háis maidir le hiontrálacha a bhainfeadh le hábhar a aimsiú go cruinn. Ask about Ireland: Is í Luacháil Griffith (1847-64) an t-aon fhoinse chuimsitheach ó lár na naoú aoise déag a thiocfadh in ionad foinse daonáirimh i gcásanna faoi leith. Maidir le tús na naoú haoise déag, is í Suirbhéireacht Cheaproinnt na nDeachúna (c. 1823-1838) an t-aon fhoinse a mbainfeadh cuimsitheacht áirithe léi. Tá taifid Cheaproinnt na nDeachúna maidir le 26 contae Phoblacht na hÉireann ar líne ag an gCartlann Náisiúnta. Tá na taifid maidir le sé chontae Thuaisceart Éireann i dtaisce in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste.
- Taifid Paróiste – Is beag foinse eile seachas taifid na bparóistí atá ar fáil maidir le faisnéis ar theaghlaigh sular cuireadh clárú sibhialta ar bun sa bhliain 1864.Tá taifid na hEaglaise Caitlicí maidir le Baile Átha Cliath, Ciarraí, Corcaigh & Ros agus Ceatharlach ar fáil ag Irish Genealogy. Tá cóipeanna ar mhicreascannán ar fáil sa Leabharlann Náisiúnta den chuid is mó de chláir na bparóistí Caitliceacha anall go dtí c. 1880.Tá taifid Eaglais na hÉireann maidir le paróistí i mBaile Átha Cliath, i gCiarraí agus i gCeatharlach ar fáil ó Irish Genealogy. Tá digitiú déanta ar chláir roinnt paróistí ag Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise, ina bhfuil cuid mhór de thaifid Eaglais na hÉireann i dtaisce, agus tá siad sin le feiceáil ar Anglican Records Project. Is maith an fhoinse RootsIreland freisin maidir le taifid eaglasta.
- Réimsí eile – tá réimse leathan foinsí eile ar fáil a bhféadfadh fiúntas a bheith leo – eolairí, taifid saothair, liostaí tionóntaí, leaca cuimhneacháin etc.