Taifid Shibhialta – An Phríomh-Oifig Clárúcháin
Taifid atá ar fáil as líne
Is í an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (nó Oifig an Ard-Chláraitheora) an taisce shibhialta lárnach maidir le taifid a bhaineann le breith, marbh-bhreith, bás, pósadh, páirtnéireacht shibhialta agus uchtú in Éirinn. Cuirtear áis don taighde teaghlaigh ar fáil i Seomra Taighde na hOifige i Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2, inar féidir innéacsanna na gclár a chuardach agus fótachóipeanna de thaifid a cheannach.
Faoi scáth na Roinne Coimirce Sóisialaí a fheidhmíonn an Phríomh-Oifig Chlárúcháin ar a leagtar an cúram riaracháin maidir leis an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta in Éirinn. Tá an Phríomh-Oifig Chlárúcháin lonnaithe in Áras an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Co. Ros Comáin.
Tá an tArd-Chláraitheoir freagrach as an mbainistíocht agus an rialáil ar an gcóras clárúcháin in Éirinn ach tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as obair na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta ó lá go lá a thabhairt i gcrích trí chóras oifigí áitiúla seirbhíse clárúcháin sibhialta ar fud an Stáit.
Taifid atá ar fáil ar líne:
Coinnítear i dtaisce sa Phríomh-Oifig Chlárúcháin na taifid oifigiúla ar fad ar bhreitheanna, básanna agus póstaí in Éirinn ón mbliain 1864 agus ar Phóstaí nach Pósadh san Eaglais Chaitliceach Rómhánach ón mbliain 1845 agus is féidir innéacsanna stairiúla na dtaifead sin a bhreathnú ar an láthair.
Tugann Príomh-Oifig Clárúcháin Thuaisceart Éireann deis ar bhunachar sonraí iomlán athscríbhinní a gcuid taifead ón mbliain 1922 anall (ó 1845/1864 i leith maidir le limistéir atá anois i dTuaisceart Éireann) ar bhonn táille.
Taifid Eaglasta
Taifid Eaglasta ar Líne:
Ar an suíomh seo:
- Athscríbhinní na dtaifead baiste agus na dtaifead pósta i nDeoise Chaitliceach Rómhánach Chiarraí anall go dtí c. 1900 – tagann paróistí in iarthar agus in iarthuaisceart Chontae Chorcaí faoi scáth na deoise seo.
- Athscríbhinní le híomhánna taifid maidir lena bhfuil ar fáil i gcónaí de thaifid pósta, baiste agus adhlactha Eaglais na hÉireann i gContae Chiarraí.
- Gach clár baiste, pósta agus adhlactha a bhaineann leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach i gCathair Bhaile Átha Cliath.Athscríbhinní amháin atá ar fáil anall go dtí c. 1900 maidir le roinnt de na paróistí agus tá athscríbhinní áirithe a bhfuil íomhá taifid ar fáil ina leith anall go dtí c. 1880. Níl na taifid maidir le Paróiste Phóil, Cé Árann, san áireamh.Tá athscríbhinn de thaifid an pharóiste sin ar fáil ar RootsIreland.ie.
- Gach taifead atá ar fáil go fóill as cláir Eaglais na hÉireann maidir le baisteadh, pósadh nó adhlacadh i gCathair Bhaile Átha Cliath. Tá íomhá taifid le mórchuid na n-athscríbhinní anall go dtí c.1900.
- Gach taifead atá ar fáil go fóill as cláir Eaglais na hÉireann maidir le baisteadh, pósadh nó adhlacadh i gContae Cheatharlach.Tá íomhá taifid le mórchuid na n-athscríbhinní anall go dtí c.1900.
- Taifid uile na hEaglaise Caitlicí maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh (athscríbhinní le híomhá taifid go dtí c.1880) i ndeoise Chorcaí agus Rosa, réimse atá cothrom le deisceart agus iarthar an chontae maille le Cathair Chorcaí. Níl taifid paróistí áirithe i gCathair Chorcaí ar fáil ar líne (paróiste Mhuire agus San Anna, paróiste Phádraig agus an Charraig Dhubh).
- Líon beag de thaifid na hEaglaise Preispitéirí a bhaineann leis an bpobal i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath (an athscríbhinn amháin).
In áiteanna eile ar líne:
- An Leabharlann Náisiúnta Tá cóipeanna micreascannáin de bhunchláir na bparóistí (circa 1740 – 1880) digitithe agus ar fáil ar líne.
- RootsIreland.ie Tá athscríbhinní (gan íomhánna taifid) ar fáil maidir leis an gcuid is mó de thaifid na hEaglaise Caitlicí i limistéir ar oileán na hÉireann seachas mar atá luaite thuas. Níl, ina ainneoin sin, athscríobh déanta ach ar sciar beag de na taifid i ndáil le Contae Dhún na nGall, Contae Mhuineacháin agus Contae Loch Garman. Níl aon chuid de na taifid athscríofa a bhaineann le Contae an Chláir ar fáil ar líne. Tugtar liosta de na foinsí atá ar fáil maidir le gach limistéar ar an láithreán gréasáin agus tá buntábhacht leis an liosta sin (faoi “sources list”) a cheadú ionas go mbítear lánchinnte de na taifid a bhfuil cuardach á dhéanamh ar a bhfud. Tá athscríbhinní ar an láithreán gréasáin freisin d’ábhar na gclár ag Eaglais na hÉireann, ag an Eaglais Mheitidisteach agus ag an Eaglais Phreispitéireach.
- FamilySearch Láithreán gréasáin seo atá á rith saor ó tháille faoi stiúir Eaglais Íosa Críost Naoimh na Laethanta Deireanacha (NLD).Tá teacht ar athscríbhinní, gan aon íomhá taifid, a bhaineann le tuairim is 30 paróiste Caitliceach, an chuid is mó de na paróistí sin i gCiarraí, i gCorcaigh agus i Ros Comáin.
- Ancestry.co.uk Láithreán gréasáin seo (a bhfuil síntiús le híoc ina leith) ar a bhfuil athscríbhinní, gan aon íomhá taifid, d’ábhar chláir dheoise na Mí anall go dtí an bhliain 1880 a bhaineann le tuairim is 40 paróiste, chomh maith le cóip de thrascríbhinní Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha.
- Irish Jewish Roots Tá bailiúchán leitheadach de thaifid na nGiúdach ar fáil ar líne.
Taifid Eaglasta as Líne:
- An Leabharlann Náisiúnta Tá cóipeanna ar mhicreascannán ar fáil den chuid is mó de chláir na bparóistí Caitliceacha ar oileán na hÉireann roimh an mbliain 1880.Níl táille i gceist lena mbreathnú agus ceadaítear cóip de thaifead a phriontáil.
- Leabharlann Stair Teaghlaigh Eaglais NLD Tá cóipeanna ar mhicreascannán de c.40% de chláir na bparóistí Caitliceacha. Is athchóip de mhichreascannáin sa Leabharlann Náisiúnta roinnt acu. Is féidir na scannáin seo a ordú trí na hIonaid Staire Teaghlaigh atá ceangailte leis an gcuid is mó de theampaill na Mormannach.
- Ní gnáth le paróistí Caitliceacha Rómhánacha ligean taighde a dhéanamh bhuntaifid dá gcuid. Is minic a chuirtear de chomhairle ar an té a iarrann sin dul chuig ionad oidhreachta agus tá mórchuid na dtaifead atá sna hionaid oidhreachta sin ar fáil ar Rootsireland.ie. Is féidir sonraí comhfhreagrais maidir le paróistí faoi leith a fháil ar CatholicIreland.net.
- Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise an chartlann oifigiúil taifid maidir le taifid de chuid Eaglais na hÉireann a tháinig slán ó Oifig na dTaifead Poiblí dul trí thine sa bhliain 1922. Tá liosta cuimsitheach dá bhfuil ar coimeád ag an Leabharlann ar fáil ar Ireland.anglican.org. Bíonn cead cuardach a dhéanamh ar na taifid mura dtarlaíonn gur dhóigh damáiste iad a láimhseáil.
- Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann Tá saorchead cóipeanna ar mhicreascannán a scrúdú de mhórchuid na dtaifead atá ar fáil go fóill, maidir leis na heaglaisí go léir, i ndáil le limistéir atá anois i dTuaisceart Éireann. Tá taifid ag Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann chomh maith a bhaineann le contaetha leis an teorainn, Dún na nGall, an Cabhán, Liatroim, Muineachán agus Lú.
- Quakers in Ireland Tá taifid chuimsitheacha de chuid Chuallacht na gCairde siar chomh fada leis an 17ú aois (a bhfuil cóipeanna ar mhicreascannán díobh sa Leabharlann Náisiúnta agus in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann) ar fáil.
- Cumann Staire na bPreispitéireach Tá taifid áirithe ar fáil ach ní foláir mórchuid thaifid na hEaglaise Preispitéirí a aimsiú san áit lena mbaineann siad.
Taifid Daonáirimh
- An Chartlann Náisiúnta Tá taifid Dhaonáireamh na hÉireann 1901 agus 1911 ar fáil ar líne. Tá sleachta áirithe agus ábhar athcheaptha eile a bhaineann le bearta daonáirimh idir 1821-1851 ar fáil freisin.
- Leitrim-Roscommon Genealogy Tá trascríbhinní maidir le daonáireamh na bliana 1901 ar an láithreán gréasáin seo i ndáil leis na contaetha seo a leanas: Ros Comáin, Liatroim, Sligeach, Gaillimh, Dún na nGall agus an Longfort.
Taifid Réadmhaoine
Taifid Réadmhaoine ar líne:
- Luacháil Griffith Suirbhéireacht chuimsitheach maidir le cáin sealúchais a bhí i gceist le Luacháil Griffith (1847-1864) agus foilsíodh torthaí maidir le blianta éagsúla i ngach contae. Tá athscríbhinní agus íomhánna taifid ar fáil, saor ó tháille, ar ‘Ask about Ireland’. Tá mapaí mionléiirthe ag gabháil leis an luacháil agus na híomhánna.
- Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna Luaitear sna leabhair ainmneacha na ndaoine sin uilig (c.1823-1838) a raibh dlite orthu deachúna a íoc le cléir Eaglais na hÉireann go háitiúil. Bhíodh na deachúna le híoc maidir le gabháltais de chineálacha áirithe talún ag daoine den uile chreideamh. Is féidir Leabhair na nDeachúna (athscríbhinní a bhfuil íomhánna taifid leo san áireamh) a chuardach saor ó tháille ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.
- Taifid na nEastát Talún Tá siad seo le háireamh ar na foinsí cartlainne is fearr atá ar fáil maidir leis an stair áitiúil.
Taifid Réadmhaoine as líne:
- Tailte Éireann Tá na leabhair leasuithe ar fáil ina mbreactar gach athrú stádais maidir le gach gabháltas dá luaitear i Luacháil Griffith. Luaitear mionsonraí i roinnt mhaith cásanna maidir le hathruithe anall go dtí na 1960idí agus na 1970idí, tráth ar cuireadh deireadh le cáin mhaoine ar shealbhóirí príobháideacha tí. Tá taifid Chlárlann na Talún ar fáil freisin agus faisnéis faoi Chlár na nGníomhas a cuireadh ar bun sa bhliain 1707.
- Sa Leabharlann Náisiúnta agus in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann atá na bailiúcháin is fairsinge de thaifid ó 1700 go 1900 maidir le tionóntaí ar eastáit talún, leabhair cíosa san áireamh agus liostaí tionóntaí.
- Na hEastáit Talún Tugtar mioneolas faoi na heastáit i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht, agus a bhfuil ar fáil go fóill dá gcuid taifead, ar an láithreán gréasáin seo.