Skip to main content

Éisiúint de Thuilleadh Taifead Stairiúil ar Líne fógartha ag na hAirí O’Donovan agus Calleary

Tá bliain eile de Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna le feiceáil anois ar an tsuíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie.  I measc na dtaifead atá anois ar fáil ar líne, tá:

  • Taifid na mbreitheanna – 1864 go 1924
  • Taifid na bpóstaí – 1845 go 1949
  • Taifid na mbásanna – 1864 go 1974

Chuir an tAire Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, fáilte roimh an eisiúint is déanaí seo:

“Tá an eisiúint seo de bhliain eile sonraí cláir ón tSeirbhís um Chlárú Sibhialta mar pháirt den chomhpháirtíocht leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. 

Is é atá mar aidhm leis an tionscadal leanúnach seo ná go mbeidh rochtain shaor fhurast ag an bpobal agus an diaspora i gcoitinne ar na taifid stairiúla seo go léir tríd an suíomh gréasáin www.irishgeneaology.ie.

“Tá mé cinnte go bhfáilteoidh cuairteoirí nua agus cuairteoirí atá ag fill ar an suíomh, go bhfáilteoidh siad roimh na taifid bhreise seo i gcomhair taighde leanúnaigh.

“Tá a’ fhios agam go bhfuil an-súil leis an nuashonrú bliantúil seo agus go rachaidh sé chun tairbhe éinne atá i mbun taighde ar a sinsearacht Éireannach.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD:

“Is cúis áthais dom na taifid bhreise seo a chur ar fáil don Roinn Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt ionas gur féidir le baill an phobail agus diaspóra na hÉireann rochtain a fháil ar thaifid ar mhaithe le taighde staire teaghlaigh.

“Is foinse saibhir eolais iad na taifid seo de chlárú sibhialta sa Stát.

“An t-am seo den bhliain cuirtear i gcuimhne dúinn ár réamhtheachtaithe a chuaigh ar imirce agus a chur fúthu mórthimpeall an domhain. Cabhraíonn na taifid luachmhara seo le neart an cheangail sin a choinneáil.” 

Is iad na taifid atá á seoladh ná na hiontrálacha ar Chlár na mBreitheanna do 1924, na hiontrálacha ar Chlár na bPóstaí do 1949 agus na hiontrálacha ar Chlár na mBásanna do 1974.  Léirítear sna hiontrálacha seo eolas tábhachtach atá go minic ina gcabhair bhunriachtanach agus daoine ag iniúchadh a sinsearachta. 

I gcomhair Breitheanna, áirítear orthu seo:

  • Céad Ainm(neacha) an Pháiste
  • Sloinne an Pháiste
  • Dáta Breithe
  • Áit Bhreithe
  • Ainm agus Seoladh an Athar
  • Ainm na Máthar agus a Sloinne Roimh Phósadh, má bhí sí pósta
  • Slí Bheatha an Athar
  • Síniú an Fhaisnéiseora (An duine a chláraigh do bhreith)
  • Dáta Chlárúchán na Breithe

I gcomhair Póstaí, áirítear orthu seo:

  • Suíomh an Phósta
  • Dáta an Phósta
  • Céad ainm(neacha) & Sloinnte na Brídí agus an Ghrúim
  • Aois ag tráth an phósta
  • Staid (i.e. Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach)
  • Slí Bheatha na Brídí agus an Ghrúim
  • Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
  • Slite Beatha Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
  • Síniú na Brídí agus an Ghrúim
  • Síniú na bhFinnéithe

I gcomhair Básanna, áirítear orthu seo:

  • Dáta agus Suíomh an Bháis
  • Ainm agus Sloinne an Té a Fuair Bás
  • Fear nó Bean
  • Staid an té a fuair bás (i.e. Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach)
  • Aois ag an bhreithlá is déanaí
  • Céim, Gairm nó Slí Bheatha an Té a Fuair Bás
  • An Chúis Bháis agus tréimhse an tinnis
  • Síniú, cáilíocht agus áit chónaithe an fhaisnéiseora
  • Dáta an Chlárúcháin

Is iad na blianta atá clúdaithe ag taifid stairiúla na mBreitheanna, na bPóstaí agus na mBásanna atá ar fáil ar an tsuíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie ná:

Breitheanna:              1864 go 1924

Póstaí:                         1845* go 1949

Básanna:                    1871** go 1974

* Níor cuireadh tús le Clárú Sibhialta Póstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach go dtí 1864.

** Tá an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta ag obair chun fuílleach na dtaifead bás ó 1864 ar aghaidh a nuashonrú. Áireofar iad seo amach anseo i nuashonruithe ar na taifid atá ar fáil ar an tsuíomh gréasáin.

Gach bliain cuirtear bliain eile d’iontrálacha faoi Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna ar an tsuíomh gréasáin.

Tá úsáid an tsuíomh gréasáin saor in aisce agus níl gá le síntiús nó clárúchán lena úsáid.

Ábhar suntasach a cuireadh leis na taifid atá ar fáil i nuashonrú 2025:

Breith in 1924:

Christy O’Connor Snr

Patrick Christopher “Christy” O’Connor (21 Nollaig 1924 – 14 Bealtaine 2016)

Ba ghalfaire proifisiúnta urramach Éireannach é Patrick Christopher “Christy” O’Connor (21 Nollaig 1924 – 14 Bealtaine 2016), a bhfuil cáil air mar cheann de mhórfhigiúirí gailf na Breataine agus na hÉireann ó lár na 1950idí. I rith a ghairme gradamaí, bhuaigh sé os cionn 20 turnaimint ar Chumann Galfairí Gairmiúla (CGG) na Breataine agus bhíodh sé go seasmhach ar cheann de na himreoirí is fearr sa Chraobhchomórtas Oscailte. Bhain O’Connor rath suntasach amach sa ghalf shinsearach chomh maith, agus Craobh Shinsearach an Domhain buaite aige faoi dhó, agus d’imir sé in 10 gcluiche i ndiaidh a chéile i gCorn Ryder, rud a chuir le bua na hÉireann i gCorn Cheanada 1958 in éineacht le Harry Bradshaw.

I gCnoc na Cathrach i nGaillimh a rugadh O’Connor, a raibh paisean aige don ghalf ó bhí sé óg, agus rinne sé giollaíocht i gcumainn áitiúla ar dtús. Chuaigh sé leis an ghalf go gairmiúil in 1951 le tacaíocht ó Chumann Gailf Thuama, agus thuill sé clú dó féin gan mhoill le taispeántas láidir sa Chraobh Oscailte. Tháinig a chéad bhua gairmiúil in 1955 ag Turnaimint Swallow-Penfold. Le linn na 1960idí, bhí comhsheasmhacht iontach aige, agus bhuaigh sé imeacht gairmiúil amháin ar a laghad gach bliain ar Thuras na Breataine.

Ba é an pointe is tábhachtaí i ngaim O’Connor ná a rannpháirtíocht sa Chraobh Oscailte, inar imir sé 26 huaire, agus an toradh is fearr a bhí aige ná a bheith cothrom le himreoir eile don dara háit in 1965. Bhí an-rath air in imeachtaí foirne chomh maith, agus chuaigh sé san iomaíocht in 15 chluiche Chorn Cheanada/Coirn Dhomhanda. Bhain sé amach an churiarracht don líon is airde uaireanta a ghlac galfaire Éireannach páirt i gCorn Ryder (10).

Níos moille ina shaol, d’eirigh go han-mhaith le O’Connor sa ghalf shinsearach, agus bhí an bua aige i sé Chraobhchomórtas Sinsearacha CGG agus in dhá Chraobhchomórtas Sinsearacha Domhanda. Ionduchtaíodh é sa Hall of Fame Gailf Dhomhanda in 2009. Pearsa ionúin i bpobal an ghailf a bhí in O’Connor, a raibh clú ar a ghairmiúlacht, a chomhsheasmhacht, agus a dhúthracht i leith an spóirt.

Phós O’Connor Mary Collins in 1954, lena raibh seisear páistí aige. D’éag sé ag aois a 91 ar an 14 Bealtaine 2016.


Thomas Joseph Clancy (29 Deireadh Fómhair 1924 – 7 Samhain 1990)

Bhí Tom Clancy ar cheann d’aon pháiste déag a rugadh do Johanna McGrath agus Bob Clancy i gCarraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann.

Bhí Tom Clancy ina phríomhbhall den ghrúpa ceoil tíre Éireannach The Clancy Brothers, agus bhí clú ar a ghuth cumhachtach. B’aisteoir é freisin a thaibhigh le Orson Welles in King Lear agus i seóanna teilifíse agus scannáin éagsúla. Chuaigh sé isteach san Aerfhórsa Ríoga i rith an Dara Chogaidh Dhomanda agus níos déanaí d’oibrigh sé mar oibritheoir raidió. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé i mbun aisteoireachta agus bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe, agus chuir sé faoi i Nua-Eabhrac lena dhearthaireacha.

In 1956, chuir Tom agus a dearthaireacha, chomh maith le Liam Clancy agus Tommy Makem, tús le The Clancy Brothers and Tommy Makem. Ba é Tom an príomh-amhránaí ar chuid mhór d’amhráin cháiliúla an ghrúpa ar nós “The Rising of the Moon” agus “Carrickfergus”. Tar éis don ghrúpa scaradh in 1976, tháinig siad le chéile arís in 1977, agus lean Tom de bheith ag seinm leo go dtí go bhfuair sé bás.

Lean Tom lena ghairm aisteoireachta freisin, agus páirteanna aige i scannáin ar nós The Killer Elite agus seónna teilifíse ar nós Little House on the Prairie. Glacadh go maith leis nuair a tháinig sé ar ais ar Broadway in 1974 in A Moon for the Misbegotten.

D’éag Tom Clancy in 1990, agus d’fhág sé a bhean chéile Joan ina dhiaidh.

Básanna 1974:

Austin Clarke (9 Bealtaine 1896 – 19 Márta 1974)

Ba fhile, drámadóir, úrscéalaí agus údar cuimhní cinn iomráiteach é Austin Clarke, a raibh cáil ar a úsáid nuálaíoch de theicnící filíochta clasaiceacha Gaeilge i mBéarla. Bhí tionchar ag W.B. Yeats air, ach tharraing sé clú air féin trína bhéim ar théamaí ar nós stair na hÉireann, na finscéalaíochta agus ciontachta Caitlicí. Ghnóthaigh a chéad leabhar, The Vengeance of Fionn (1917), moladh mór ó léirmheastóirí, rud a chur tús lena ghairm liteartha.

Chomhbhunaigh Clarke Amharclann Lyric i mBaile Átha Cliath agus scríobh sé roinnt drámaí idir 1938 agus 1955, agus é ag obair mar iriseoir agus ag óstáil cláir filíochta ar Raidió RTÉ freisin. I ndiaidh tréimhse de ghéarchéim phearsanta, d’fhill sé ar an fhilíocht in 1955 leis an bhailiúchán Ancient Light, inar bhog sé go téamaí níos nua-aimseartha, cosúil le haoir ar eaglais agus stát na hÉireann, chomh maith le pléite ar ghnéasacht dhaonna agus eispéiris phearsanta. Ina shaothair níos déanaí, ag a bhfuil struchtúir fhoirmeálta níos scaoilte, tá tionchar le feiceáil ó fhilí avant-garde cosúil le Ezra Pound agus Pablo Neruda.

In éineacht lena fhilíocht, d’fhoilsigh Clark trí úrscéal coiscthe agus dhá dhírbheathaisnéis. Ó thaobh a shaoil phearsanta, phós sé Cornelia Cummins agus, níos déanaí, phós sé Norah Esmerelda Patricia Walker, lena raibh triúr mac aige.

Is ar a fhilíocht atá cáil Clarke bunaithe, agus is í a thuill aitheantas buan dó i litríocht na hÉireann. I ndiaidh a bháis, athraíodh ainm Dhroichead Theach Mealóg i mBaile Átha Cliath go Droichead Austin Clarke in ómós dó. D’éag Austin Clarke ar an 19 Márta, 1974, agus é 77 mbliana d’aois.

Erskine Hamilton Childers (11 Nollaig 1905 – 17 Samhain 1974)

Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil é Erskine Hamilton Childers (1905-1974) arbh é an ceathrú Uachtarán de chuid na hÉireann ó 1973 go dtí a bhás in 1974, an t-aon uair a fuair uachtarán na hÉireann bás in oifig. Bhí postanna tábhachtacha Rialtais aige chomh maith, cosúil le Tánaiste (LeasPhríomh-Aire), Aire Sláinte, Iompair agus Cumhachta, agus Poist agus Telegrafa, agus bhí sé ina TD idir 1938 agus 1973.

Rugadh i Londain é d’athair a bhí ina phoblachtach Éireannach, Robert Erskine Childers, agus máthair Mheiriceánach, agus tógadh in Éirinn é i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Cuireadh oideachas air i Scoil Gresham agus Coláiste na Tríonóide, Cambridge, agus d’oibrigh sé do nuachtán Éamon de Valera sular chuaigh sé isteach sa pholaitíocht in 1938. Bhí idir rath agus conspóid i ngairm Childers, ar nós a naimhdis le Charles Haughey i rith Ghéarchéim na nArm.

Sa toghchán uachtaránachta in 1973, fuair Childers, arna ainmniú ag Fianna Fáil, an bua ar Tom O’Higgins de chuid Fhine Gael chun a bheith ina uachtarán. I rith a uachtaránachta, bhí ról suntasach faoi choim aige i n-iarrachtaí síocháin Thuaisceart Éireann. D’éag sé go tobann de chliseadh croí i Samhain 1974 agus é ag freastal ar chomhdháil, agus d’fhreastail ceannairí domhanda iomráiteacha ar a thórramh.

Phós Childers faoi dhó agus bhí cúigear páistí aige. Mhair a dhara bhean chéile, Rita Dudley, i ndiaidh a bháis agus d’éag sí in 2010. B’uachtaránacht shuntasach a bhí aige fós mar gheall ar an ghnaoi a bhí ag an phobal air, agus na dúshláin a bhí roimhe sa ról atá deasghnách den chuid is mó.