Na hÉireannaigh Thar Lear
CÉARD IAD NA TAIFID THAR LEAR ATÁ AR LÍNE A BHAINEANN LEIS NA hÉIREANNAIGH?
D’fhéadfadh taifid na nÉireannach thar lear, go háirithe
taifid na n-imirceach den chéad ghlúin, níos mó sonraí a thaifeadadh
in amanna ná mar atá sna taifid a mhaireann in Éirinn. Is iad seo a
leanas na cinn is tábhachtaí ina measc:
1. Taifid bhásanna na hAstráile. Déanann siad sin ainmneacha
agus seoltaí beirt thuismitheoirí an mharbháin a thaifeadadh. Maidir
le cuid mhór imirceach Éireannach, d’fhéadfadh sé sin a bheith mar an
t-aon áit amháin ina bhfuil a leithéid sin d’fhaisnéis taifeadta.
Chuir stáit éagsúla tús le clárúchán i mblianta éagsúla. Tá achoimre
mhaith le fáil ag www.coraweb.com.au.
2. Taifid bhásanna na hAlban. Tosaíonn na taifid seo i 1855
agus déanann ainmneacha agus seoltaí iomlána céilí agus beirt
thuismitheoirí a thaifeadadh. Rinneadh líon ollmhór d’eisimircigh
Éireannacha a thaifeadadh. Rinneadh póstaí agus breitheanna a
thaifeadadh freisin ó 1855 amach. Féach www.scotlandspeople.gov.uk.
3. Taifid phósta S.A.M. Cuireadh tús leo siúd i mbliain
éagsúil i ngach stát agus tá éagsúlacht d’fhaisnéis a bailíodh ann,
ach d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach. Mar shampla, déanann taifid
phósta Massachusetts (www.familysearch.org), ainmneacha máthair agus athair an bheirt pháirtithe a
thaifeadadh.
4. Tosaíonn taifid Phríomh-Oifig Chlárúcháin Shasana agus na
Breataine Bige i 1837. Níl na cláir seo ar líne, ach tá beagnach gach
ceann de na hinnéacsanna inchuardaithe go héasca ag www.freebmd.org.uk.