Taifid Reiligí atá ar fáil ar líne
Tá taifid reiligí de dhá chineál ar fáil – taifid adhlactha na reiligí agus athscríbhinní dá bhfuil ar leaca uaighe.
Taifid Reiligí
- Taifid adhlactha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste – Taifid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ón mbliain 1896 i leith. Tá isteach is amach le 360,000 taifead ar fáil maidir le Reilig Chathair Bhéal Feirste (1869- ), Reilig Phlásóg na Rós (ó 1954) agus Reilig Dhún Dónaill (ó 1905).
- Buried in Fingal – Bunachar sonraí maidir le Tuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath arna chur ar fáil ag Comhairle Chontae Fhine Gall.
- Leabharlann Contae an Chláir – Athscríbhinní maidir le reiligí i gContae an Chláir.
- Cartlann Chathair agus Chontae Chorcaí – Taifid adhlactha maidir le limistéir i gCathair Chorcaí agus sa cheantar máguaird.
- Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath – 1.5 milliún taifead maidir le Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath ón mbliain 1828 anall.
- Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe – Cláir adhlactha maidir le reiligí i gContae na Gaillimhe.
- Taifid Reiligí – Údaráis Áitiúla Chiarraí – Cláir adhlactha maidir le reiligí i gContae Chiarraí.
- Reiligí faoi Chosaint Seandálaíochta Chomhairle Chontae Chiarraí – I rith na mblianta 2006-2012, thug Comhairle Chontae Chiarraí, i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta, faoi thionscadal suirbhéireachta maidir le 94 reilig atá faoi chosaint seandálaíochta.
- Cartlann Cathrach Luimnigh – Cláir adhlactha maidir le Cathair Luimnigh, reilig Chnocán San Labhrás agus reilig Chnocán Naomh Oilbhéar ina measc.
- Ionad Oidhreachta an Sciobairín – Athscríbhinní ar chláir adhlactha reiligí in iarthar Chorcaí.
- Cartlann Chathair agus Chontae Phort Láirge – Leagan digitithe de na cláir adhlactha maidir le 5 reilig i gCathair agus i gContae Phort Láirge
Leaca Uaighe:
Tá athscríbhinní de na hinscríbhinní ar na leaca seo foilsithe agus digitithe i gcuid mhór limistéar.
- Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath – Tá treoir ar fáil maidir le hathscríbhinní chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath.
- History from headstones – Tugtar athscríbhinní dá bhfuil ar leaca uaighe i dTuaisceart Éireann. Tá níos mó ná 1,800 reilig sonraithe go dtí seo agus leantar den fhaisnéis a thiomsú.
Seo na hAcmhainní is Tábhachtaí maidir le ceantair eile: