Taifid Eaglaise

CAD IAD NA TAIFID EAGLAISE ATÁ AR FÁIL AR LÍNE?

Ar an láithreán seo:
1. Tras-scríbhinní de na taifid bhaiste agus phósta i nDeoise Chaiticeach Rómhánach Chiarraí suas go dtí c. 1900 - áirítear sa deoise seo paroóistí i limistéir thiar agus thuaidh Chontae Chorcaí.
2. Tras-scíbhinní ina bhfuil taifid-íomhánna do gach taifead pósta, bhaiste agus adhlactha Eaglais na hÉireann i gContae Chiarraí a mhaireann ón naoú céad déag.
3. Gach clár baiste, pósta agus adhlactha Caitliceach Rómhánach do Chathair Bhaile Átha Cliath, roinnt paróistí i dtras-scíbhinn amháin (suas go dtí c.1900), roinnt tras-scíbhinní le taifead-íomhánna (suas go dtí c. 1880). Ní áirítear taifid Naomh Pól, Cé Árann. Tá tras-scríbhinn dá thaifid le fáil ag http://dublinnorth.rootsireland.ie.
4. Gach clár baiste, pósta agus adhlactha Eaglais na hÉireann do Chathair Bhaile Átha Cliath a Gach clár baiste, pósta agus adhlactha Eaglais na hÉireann do Chathair Bhaile Átha Cliath a mhaireann, a bhfórmhor mar thras-scríbhinní le taifead-íomhánna suas go dtí c.1900.
5. Gach clár baiste, pósta agus adhlactha Eaglais na hÉireann do Chontae Cheatharlach a mhaireann, tras-scríbhinní le taifead-íomhánna suas go dtí c. 1900.
6. Gach clár baiste, pósta agus adhlactha Caitliceach Rómhánach (tras-scríbhinní le taifid-íomhánna suas go dtí c.1880) do dheoise Chorcaí agus Rosa, rud a chlúdaíonn an contae theas agus thiar agus cathair Chorcaí. Níl cuid de na taifid de chathair Chorcaí (do pharóistí Mhuire & Anna, Phádraig agus na Carraige Duibhe) ar líne.
7. Líon beag de thaifid Phreispitéireacha a bhaineann le pobal i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath (tras-scríbhinn amháin).

Tá obair ar siúl ar chríochnú na dtaifead Caitliceach Rómhánach de Chontae Mhuineacháin (Deoise an Chlochair). Féach le do thoil an t-alt ar nuashonrú de dhul chun cinn ar an láithreán gréasáin seo le haghaidh scéala ar eisiúintí le teacht.

In áireanna eile:
1. www.rootsireland.ie: Tá tras-scríbhinní ag an láithreán táille seo (gan taifead-íomhánna) den chuid is mó de na taifid Chaitliceacha Rómhánacha ar oileán na hÉireann i dtaca le limistéir nach bhfuil liostaithe thuas. Is iad na heisceachtaí móra, áiteanna nach bhfuil ach codanna beaga de na taifid tras-scríofa, contaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin agus Loch Garman. Níl ceann ar bith de na taifid tras-scríofa i dtaca le contae an Chláir ar líne. Tá “liosta foinsithe” ag gach limistéar geografach ar an láithreán agus tá sé ríthábhachtach é seo a úsáid le fáil amach go díreach cad iad na taifid atá á gcuardach. Áirítear ar an láithreán freisin tras-scríbhinní de chláir Eaglais na hÉireann, Mhodhacha agus Phreispitéireacha, comhlánaithe i dtaca le roinnt contaetha, agus gan a bheith ann i dtaca le contaetha eile.
2. www.familysearch.org: Tá tras-scríbhinní ag an láithreán saor in aisce seo, eagraithe ag Eaglais Íosa Críost Naomh na Laethanta Deireanacha (LDS), gan taifead-íomhánna, de thart ar thríocha paróiste Caitliceacha Rómhánacha, den chuid is mó i gcontaetha Chiarraí, Chorcaí agus Ros Comáin.
3. www.ancestry.co.uk: Tá tras-scríbhinní ag an láithreán síntiúis seo, gan taifead-íomhánna, de chláir dheoise na Mí suas go dtí 1880, daichead paróiste go neasach, mar aon le cóip de na tras-scríbhinní LDS.                                                                                                                       
4. Eile: chuir líon suntasach de chumainn áitiúla staire agus de chumainn staire teaghlach tras-scríbhinní dá dtaifid eaglaise ar fáil ar líne. Tá treoirleabhar ar na taifid Chaitliceacha Rómhánacha ar fáil ag www.irishtimes.com/ancestor/browse/counties/rcmaps/.
5. Tá bailiúchán mór de thaifid Ghiúdacha ar líne ag an láithreán táille www.irishjewishroots.com. Tá tuilleadh faisnéise ar Ghiúdachas in Éirinn le fáil ag www.jewishireland.org.

CÉARD IAD NA TAIFID EAGLAISE ATÁ AR FÁIL LE HAGHAIDH TAIGHDE AS LÍNE?

1. Tá cóipeanna micreascannáin ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann de bheagnach gach clár paróiste Caitliceach Rómhánach ar oileán na hÉireann roimh 1880. Tá rochtain saor in aisce agus ceadaítear na taifid a asphriontáil. Féach www.nli.ie.
2. Tá cóipeanna micreascannáin ag Leabharlann Stair Theaghlaigh LDS de thart ar 40% de chláir pharóiste Chaitliceacha Rómhánacha in Éirinn, roinnt cóipeanna de scannáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, scannáin eile a scannánaigh an LDS féin. Féach https://familysearch.org/catalog-search. Is féidir na scannáin seo a ordú trí na hIonaid Stair Theaghlaigh atá ceangailte leis an gcuid is mó de theampaill Mhormannacha.
3. Ní cheadaíonn an chuid is mó de pharóistí Caitliceacha Rómhánacha taighde ar a dtaifid bhunaidh. De ghnáth, bíonn glaoiteoirí atreoraithe chuig na hionaid oidhreachta a bhfuil a dtaifid beagnach go léir acu ar www.rootsireland.ie. Más gá, is féidir sonraí teagmhála na bparóistí áitiúla a fháil ar www.catholicireland.net.
4. Is í Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise cartlann oifigiúil taifid le haghaidh taifead Eaglais na hÉireann a tháinig slán as dó Oifig na dTaifead Poiblí i 1922. Tá liosta iomlán a sealúchas le fáil ag http://ireland.anglican.org. Tá gach ceann acu inchuardaithe go héasca mura bhfuil siad ró-shobhriste le láimhseáil.                                                                                                          
5. Tá cóipeanna micreascannáin atá ar fáil go héasca ag Oifig na dTaifead Poiblí Thuaisceart Éireann (www.proni.gov.uk) de bheagnach gach taifead a mhaireann de gach sainchreideamh le haghaidh limistéar atá anois i dTuaisceart Éireann, chomh maith le cuid mhór le haghaidh limistéar sna contaetha teorainn Dhún na nGall, an Chabháin, Liatroma, Mhuineacháin agus Lú. Tá liosta iomlán le fáil ag http://www.proni.gov.uk/index/search_the_archives/online_indexes/church_of_ireland_index.htm.
6. Tá taifid Chumann na gCarad an-chuimsitheach siar go dtí an 17ú céad, agus cóipeanna micreascannáin le fáil in NLI agus PRONI. Féach www.quakers-in-ireland.ie.
7. Níl roinnt taifead Preisbitéireach ar fáil ach go háitiúil nó i gCumann Staire Preisbitéireach. Féach www.presbyterianhistoryireland.com.