Tús A Chur Le Stair Do Theaghlaigh

TÚS A CHUR LE STAIR DO THEAGHLAIGH

SULA DTÉANN TÚ CHUIG TAIFEAD:
Labhair le do theaghlach. Níl ciall ar bith le laethanta fada a chaitheamh ag dul trí bhunachair shonraí le sloinne do shin-sheanmháthair a fháil nuair atá sé ar eolas ag duine sa teaghlach cheana féin. Mar sin, sa chéad dul síos, labhair le tuismitheoirí, aintíní, uncailí, col ceathracha, seantuismitheoirí, srl, agus faigh amach céard atá ar eolas acu. Bíonn duine amháin ar a laghad sa chuid is mó de theaghlaigh a choinníonn eolas ar an líonra sínithe de ghaolta, agus más féidir leat í (bean atá i gceist de ghnáth) a aimsiú, tá tús maith curtha agat leis an obair.

SLOINNTE AGUS AINMNIÚ:
Níl aon tábhacht ar leith le litriú cruinn na sloinnte lena bhfuil tú ag déileáil. Cé go bhfuil an litriú tábhachtach dúinn sa lá inniu, roimh an 20ú céad bhíodh éagsúlachtaí suntasacha sa litriú sna taifid éagsúla – bhí neamhlitearthacht forleathan agus bhí Gaeilge ag cuid mhór daoine mar an teanga dhúchais. Bhí rudaí níos tábhachtaí ar intinn ag an gcuid is mó de dhaoine, gan a bheith ag smaoineamh ar an dóigh a n-ainmneacha a litriú i dteanga eachtrach, mar shampla go leor bia a bheith acu.

DÁTAÍ:
Níl aoiseanna tuairiscthe cruinn in am ar bith. Roimh 1900, ní raibh ceiliúradh breithlae ach ag líon an-bheag de leanaí a bhí faoi phribhléid, agus gan cheiliúradh agat, cén fáth a raibh sé tábhachtach dáta cruinn a bheith ar eolas agat? Ina theannta sin, ní mhothaíonn mórán daoine níos sine ná 40 bliain d’aois go bhfuil siad chomh aosta is atá siad i ndáiríre. Cuir an dá rud le chéile agus gheobhaidh tú líonta neamhdhóchúla daoine a thuairiscíonn a n-aoiseanna mar 30, 40, agus 50. Tá an cheacht simplí. Bí amhrasach. Bí an-amhrasach.

DÉAN TAIFEAD DE GACH RUD:
D’fhéadfadh méid na faisnéise lena bhfuil tú ag déileáil dul i méid go tapa, go háirithe sna céimeanna luatha. Mar sin, smaoineamh maith atá ann socrú ar dtús ar bhealach le faisnéis a stóráil lena mbeidh sé éasca agat rudaí a fháil go tapa. Tagann cuid mhaith daoine ar stair theaghlaigh anois is arís agus breacann siad síos é, agus beidh an taighde níos éasca mura mbeidh ort a bheith ar thóir rud éigin a bhreac tú síos ar phíosa páipéir. Is leor bosca bróg ina bhfuil cártaí innéacs aibítreach do gach duine aonair. Mar atá ceanglán leathanach scaoilte. Tá roinnt pacáistí bogearraí ar fáil freisin nach bhfuil costasach agus roinnt láithreán gréasáin a ligeann duit faisnéis chasta theaghlaigh a stóráil agus a aisghabháil go héasca.

TOSAIGH Ó …
Is é an láithreán daonáireamh 1901 agus 1911 – www.census.nationalarchives.ie – an áit is fearr le triail a bhaint as an taighde: tá sé saor in aisce, iomasach agus tá íomhánna aige de na foirmeacha bunaidh daonáirimh go léir. Aimsigh do shin-sheantuismitheoirí anseo, agus beidh spraoi agat.

RIAIL AMHÁIN LE GACH CEANN A CHEANGAL LE CHÉILE:
Maidir le taighde, is í an riail amháin ná go dtosaíonn tú ón rud atá ar eolas agat, agus go mbaineann tú úsáid as le tuilleadh a fháil amach. Tá sé beagnach dodhéanta teaghlach stairiúil a ghlacadh agus iarracht a dhéanamh fáil amach an nasc a d’fhéadfadh a bheith agat leis. Ina ionad sin, samhlaigh gur bleachtaire tú, ag glacadh gach píosa faisnéise mar fhianaise fhéideartha agus iad a úsáid le tuilleadh faisnéise a aimsiú a bheidh ina dhiaidh sin mar fhianaise le haghaidh tuilleadh taighde.