Taifid Imirce

CÉARD IAD NA TAIFID IMIRCE ATÁ AR LÍNE?

1. Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada: Coinníodh beagnach gach liosta paisinéirí sa phort teachta agus rinneadh cuid mhór acu a fhoilsiú nó a dhigitiú. Tá an treoir is fearr le fáil ag www.genealogybranches.com/irishpassengerlists. Is é www.stevemorse.org láithreán comhábhair den scoth cuardaigh i dtaca le gach taifead Meiriceánach Thuaidh.
2. An Astráil agus an Nua-Shéalainn: Tá an bailiúchán aonair is mó de liostaí paisinéirí Astrálacha le fáil ag an láithreán síntiúis www.ancestry.com.au/immigration. Tá bailiúchán áiseanna torthaí ag Cartlann Náisiúnta na hAstráile ag recordsearch.naa.gov.au. Tá treoir fhoriomlán mhaith le fáil ag www.coraweb.com.au. Tá bailiúchán de Liostaí Paisinéirí Inimirceach na Nua-Shéalainne le fáil ag www.familysearch.org.
3. An Bhreatain: i dtaca leis an gcuid is mó den tréimhse spéise ó thaobh ginealais de, bhí Éire agus an Bhreatain mar chodanna den tír amháin agus, dá bhrí sin, níl aon taifid oifigiúla imirce le fáil.