• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

John Purcell

Lána Mhichíl, Baile Átha Cliath (idir 1880-1900)

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cás-Staidéar John Purcell

Rugadh JOHN PURCELL i mBaile Átha Cliath ar an 29 Bealtaine 1902. Is féidir linn a fháil amach ón iontráil san innéacs breithe sibhialta gurbh é sloinne a mháthar roimh a pósadh ná Kent, rud a fhágann gur féidir linn dul caol díreach chuig IrishGenealogy.ie le taifid eaglaise Bhaile Átha Cliath a chuardach le haghaidh aon phóstaí idir Purcell/Kent. Ní sheasann ach aon taifead ar leith amach, .i. pósadh Thomas Purcell agus Ellen Kent i mí an Mheithimh 1901 sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath.

Cén chaoi ar féidir linn a dheimhniú gurb é seo an lánúin ceart? D’fhéadfá a rá go raibh fianaise mhaith agat dá bhféadfá teacht ar John, 9 mbliana d’aois, mac le Thomas agus Ellen, i nDaonáireamh 1911. Bhí seisear daoine darbh ainm John a bhí thart ar an aois cheart i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1911. Ní raibh tuismitheoirí darbh ainm Thomas agus Ellen ach ag duine amháin acu. Tá a theaghlach ar cheann d’ocht dteaghlach a raibh cónaí orthu i dtionóntán amháin ar Shráid Ghairdinéir Íochtarach. Is é seo an teaghlach ceart, ceart go leor.

Is iomaí eolas a fhaighimid faoin teaghlach ón tuairisceán i ndáil le Daonáireamh 1911. Rugadh agus tógadh athair John, Thomas, i gCiarraí. Rugadh a mháthair, Ellen, san India. Rugadh a dheirfiúr óg, Jane, in Patricroft, Manchain i 1904/05 agus a dheartháir óg, Michael, i Learpholl i 1907/08. Is léir go mbíodh an teaghlach ag bogadh anseo is ansiúd, is dócha go bhféadfadh Thomas obair a fháil. Bhí sé ina “Oibrí Ginearálta”, agus níl aon amhras ann go raibh sé bocht.

Rugadh deirfiúr eile, Mary, mí i ndiaidh an daonáirimh.

Seán Lemass

Seán Lemass sa bhliain 1933

Grianghraf: Le caoinchead ó British Pathé

Cás-Staidéar Seán Lemass

Bhí saol iontach ag Seán Lemass (1899-1971). Bhí sé ar an trodaí ab óige in Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca i 1916, tráth nach raibh ach 16 bliana slánaithe aige, agus d’fhág sé a rian ar Éirinn an lae inniu atá ann amach sa saol. Bhí sé ina Theachta Dála ar son Fhianna Fáil ar feadh 45 bliain, ó 1924 go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1969. Chaith sé seal mar an tAire Tionsclaíochta agus Tráchtála, mar an tAire Soláthairtí, agus mar an Tánaiste i rialtais i ndiaidh a chéile.

Ba é an Taoiseach é idir 1959 agus 1966, agus é freagrach as Éirinn a oscailt d’fhorbairt thionsclaíoch agus don Aontas Eorpach. I mí Eanáir 1916, scaoil sé a dheartháir Herbert, nach raibh ach ina bhabaí, de thaisme i dteach an teaghlaigh ar Shráid Chéipil. Bhí an gunnán aige mar thoradh ar an mbaint a bhí aige leis na hÓglaigh. Maraíodh a dheartháir Noel, a throid in éineacht leis in Ard-Oifig an Phoist agus ar an taobh in aghaidh an Chonartha i gCogadh na gCarad, sa bhliain 1923 ar chúiseanna nach bhfuil soiléir go fóill fiú amháin.

I 1934, thug an rialtas nua Fianna Fáil pinsin seirbhíse míleata isteach dóibh siúd a throid idir 1916 agus 1923. Bhí sé thar a bheith casta iarratas a chur isteach ar cheann sa chaoi go raibh ar an té foirmeacha fada a chomhlánú agus cuntais mhionsonraithe a thabhairt ar an tseirbhís a rinneadh. Rinne Lemass iarratas ar cheann de na pinsin sin i 1941, tráth arbh é an tAire Tionsclaíochta agus Tráchtála é. Tá cóip dá bhuniarratas, a chuntas féin ar an tseirbhís a rinne sé san áireamh, ar fáil ar líne mar chuid de Bhailiúchán Pinsean na Cartlainne Míleata: cliceáil anseoanseo.

Bronnadh pinsean bliantúil de luach £99-16-5 air, méid suntasach airgid ag an am.

Cás-staidéir: Réamhrá

Rud amháin fios a bheith agat cé hiad na taifid a bhaineann leatsa. Rud ar fad eile fios a bheith agat cén chaoi na taifid sin a chur i dtoll a chéile leis an méid is mó eolais ghinealaigh is féidir a fháil uathu.

Taithí láimhe is ea an bealach is fearr le cur amach a fháil ar an bpróiseas sin. Mar sin, tá dhá chás-staidéar iomlána curtha le chéile againn lena léiriú cén chaoi a bhféadfaí léargas a fháil ar stair theaghlaigh, glúin ar ghlúin, duine ar dhuine, trí na taifid.

Seán Lemass

Is é an chéad chás-staidéar ná stair theaghlaigh Sheáin Lemass, mac le teaghlach meánaicmeach as Baile Átha Cliath, a throid mar shaighdiúir óg in Éirí Amach na Cásca, agus a bhí ar dhuine de na polaiteoirí ba chumhachtaí in Éirinn sa 20ú haois amach sa saol.

John Purcell

Is é an dara cás-staidéar ná stair theaghlaigh John Purcell, a rugadh isteach i dteaghlach bocht sclábhaíochta i mBaile Átha Cliath, díreach suas an bóthar ó ghnóthas teaghlaigh Lemass. Bhí baint ag a sheantuismitheoirí le hArm na Breataine agus tháinig siad de shliocht na bhfeirmeoirí tionóntacha bochta, ar nós fhórmhór mór ghnáthdhaoine na hÉireann sa 19ú haois.

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.