• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Seán Lemass (Acmhainní Foghlama)

Seán Lemass taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist sa bhliain 1966

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Próifíl Taighde: Seán Lemass

Saol Sheáin Lemass agus é ina dhéagóir: de réir na bhfoinsí.

Agus iad ag tuairisciú ar bhás Sheáin Lemass sa bhliain 1971, labhair Pathé News faoi na rudaí ar leith a bhain sé amach, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta: bhí sé ina aire ar feadh 30 bliain agus ba é an Taoiseach é ón mbliain 1959 go dtí 1966.

Céard is féidir linn a fháil amach ó na cartlanna ar líne faoi shaol Lemass agus é ina dhéagóir, 1900 – 1916, duine a bhain cáil amach mar ‘an t-ógfhear cróga’ de bharr an róil a d’imir sé in Éirí Amach na Cásca?

Modh taighde

  1. Bailigh an t-eolas ginealaigh bunúsach ar an ábhar agus ar a mhuintir ach breathnú ar na taifid Eaglaise agus Shibhialta.
  2. Déan cíoradh ar thuairisceáin daonáirimh (foirmeacha N, B1 agus A) le heolas a bhailiú faoin gcomharsanacht a raibh an duine ina chónaí inti; na dálaí cónaithe agus sóisialta.


Foirm N: a thugann léargas ginearálta: faigh amach d’aon amharc cé mhéad teaghlach a bhí ina gcónaí i ngach teach agus an creideamh a bhí acu.

Foirm B1: a thugann léargas sráide: faigh amach cén cineál tí a bhí ann agus líon na seomraí a d’úsáid gach teaghlach.

Foirm A: a thugann an léargas tí: sonraí pearsanta, amhail aois, slí bheatha, oideachas, teanga agus áit bhreithe, na ndaoine uile a bhí i ngach teach. Tabhair faoi deara go bhfuil na ceannteidil children born alive (leanaí a saolaíodh) agus children still alive (leanaí atá fós beo) i nDaonáireamh 1911.

I 1902 in éineacht le Noel

Le caoinchead ó: Seán O'Conner, bailiúchán príobháideach

Luathbhlianta: Sráid Chéipil i nDaonáireamh 1911

Príomhbhealach gnóthach a bhíodh i Sráid Chéipil, a bhíodh dubh le daoine a raibh roinnt cúlraí éagsúla agus stádas sóisialta difriúil acu. Bhí tionóntáin coitianta go leor i stráicí áirithe den tsráid. Bhí cónaí ar 27 duine os cionn an Déirí ag Uimh. 111. Béal dorais, os cionn an tsiopa, bhí sé theaghlach ina gcónaí ann cé nach raibh ach aon seomra amháin in aghaidh an teaghlaigh.

Is léir go raibh an iomarca daoine in Uimh. 113 chomh maith. Bhí aon seomra amháin ag Andrew Clarkin, ‘gearrthóir barra buataisí’, agus ag a bhean chéile, ‘meaisíneoir barra buataisí’, a chomhroinn siad lena gcúigear leanaí, a bhí idir 15 agus 5 bliana d’aois.

Chomh maith leo siúd a bhí cónaí orthu ar an tsráid, tháinig roinnt mhaith daoine chun an cheantair le dul chuig an teach gill a bhí suite ag Uimh. 108, chuig an Leabharlann Phoiblí ag Uimh. 106 agus chuig Foirgneamh Ghnóthaí Aontaithe Bhaile Átha Cliath ag Uimhreacha 114-116.

Nuair a chuirtear na siopaí agus na gnóthais a bhí á rith mórthimpeall orthu san áireamh, d’fhéadfá talamh slán a dhéanamh de go mbíodh deirfiúracha Lawlor coinnithe gnóthach sa Phostoifig agus siopa stáiseanóireachta a bhí lonnaithe ag Uimh. 141. Go deimhin, tá seans maith ann gur oibrigh aon duine nó gach duine de na ceathrar fear poist a bhí ina gcónaí ar Shráid Chéipil leo.

I lár an aonaigh bhí Beairic de chuid Phóilíní Chathair Átha Cliath (DMP) suite ag Uimh. 101, ina raibh 31 póilín, ach ní raibh luaite ar an bhfoirm daonáirimh ach a n-inisealacha.
Tháinig siad ó gach uile chontae in Éirinn, agus luaigh gach duine acu go raibh siad ina ‘n-oibrithe feirme’ sula ndeachaigh siad leis an bpóilíneacht. Ba Chaitlicigh Rómánacha iad ar fad seachas duine amháin. Bhí idir an Ghaeilge agus an Béarla ag seachtar acu.

Bhí an chuid ba mhó acu óg (idir 20 agus 30 bliain d’aois) agus singil. Seans maith go raibh roinnt acu fostaithe leis na foirmeacha daonáirimh a dháileadh, agus chomhlánú agus a bhailiú, arb iad na foirmeacha céanna iad is féidir linn a léamh inniu.

Fógra do Ghnóthas Uirlisí agus Sceanra McQuillan

Cartlann Nuachtán na hÉireann: The Irish Independent, an 19 Nollaig 1911


Foirm Daonáirimh N, Sráid Chéipil 1 10
Foirm Daonáirimh N, Sráid Chéipil 28 39

Íomhánna: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Uimh. 2, Sráid Chéipil

Bhí cónaí ar theaghlach Lemass in Uimh. 2, Sráid Chéipil, gar do na céanna ar thaobh thuaidh na Life, ní ba lú na ciliméadar ó Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill (Sráid Sackville ag an am sin) agus áit a rabhthas in ann Halla na Cathrach a fheiceáil chomh maith. Chuaigh a gcomharsanacht (uimhreacha 1 – 41) ó na céanna go dtí an coirnéal le Sráid na Mainistreach Uachtarach, agus bhí roinnt siopaí, dhá heach tábhairne, dhá theach lóistín agus banc ann.

Foirm N

Léiríonn an fhoirm dhaonáirimh don chuid seo den tsráid go raibh idir dhaoine saibhre agus dhaoine bochta ina gcónaí taobh le taobh: taifeadadh go raibh 14 theach gan chónaí ann, ach is é fírinne an scéil gur shiopaí móra nó thithe trádstórais iad, amhail Gnóthas Uirlisí agus Sceanra McQuillan ag Uimh. 36, a ndearnadh cur síos air mar shiopa agus ceardlann.

Léigh an fógra an-nua-aimseartha seo a bhí acu le tuiscint a fháil ar an réimse seirbhísí a chuir siad ar fáil. Seol stampa pingine chucu agus sheolfaidís catalóg ar ais chugat le casadh an phoist.

Bhí monarcha milseán suite ag Uimh. 17, a gheall na milseáin bhruite ab fhearr dá raibh ann, agus b’fhéidir go raibh a fhios ag an saol go raibh sé ann de bharr an bholaidh dheas a tháinig amach as:

Bhí monarcha milseán suite ag Uimh. 17

Bhí aon teaghlach amháin in 11 cheann de na tithe (teaghlach Lemass ina measc). Seiceáil.
Ba Chaitlicigh Rómánacha iad ar fad. Bhí dhá theaghlach Ghiúdacha ag cur fúthu in Uimhreacha 33 agus 35. Seiceáil.

 

Foirm B1

Foirm Daonáirimh B1, Sráid Chéipil 1 11 Ronan
Foirm Daonáirimh B1, Sráid Chéipil 28 35

Íomhánna: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Luaitear ar an bhfoirm seo ainmneacha na ndaoine a raibh cónaí orthu i ngach ceann de na tithe agus cuirtear in iúl an leibhéal compoird nó cruatain a bhí i gceist lena ndálaí maireachtála.

Rinneadh cur síos ar na háitribh ar fad a bhí sa chuid seo den tsráid mar ‘shiopa’, seachas Uimh. 6, a bhí ina teach tábhairne.

  • Bhí neart spáis agus príobháide ag teaghlach Lemass ina dteach 8 sheomra, os cionn an tsiopa.
  • Béal dorais, bhí teaghlach James Ronan ina gcónaí in éineacht le teaghlaigh Coleman, Healy agus Slavin.
  • Bhí dhá sheomra ag teaghlach Ronan sa teach. Seiceáil.
  • Chónaigh teaghlach Braunstein go compordach mar aonad teaghlaigh aonair in Uimh. 33; 4 daoine i 4 sheomra.
  • Bíodh sin mar atá, bhí cónaí ar ochtar daoine de mhuintir Taylor in aon seomra amháin in Uimh. 35, agus 3 theaghlach eile ina gcónaí sa teach, leis. Seiceáil.
 

Foirm A

Tugtar léargas ar an teaghlach ar an bhfoirm seo.

Foirm A Theaghlach Ronan 1911

Teaghlach Ronan
  D’oibrigh James mar dhoirseoir i Halla na Cathrach. Bhí cónaí air in éineacht lena bhean chéile, Margaret, a 3 leanaí, a neacht, Margaret, a bhí 17 mbliana d’aois, agus lóiste, a bhí 54 bliain d’aois. Is léir go raibh siad i mullach a chéile. Bhí gach duine de na daoine fásta in ann léamh agus scríobh. Rugadh agus tógadh iad ar fad i mBaile Átha Cliath. Seiceáil.

Foirm A Theaghlach Braunstein 1911

Teaghlach Braunstein
  Rugadh Simon agus a bhean chéile sa Rómáin, ba máistirtháilliúirí iad, agus rinneadh cur síos orthu mar dhaoine de chuid ‘an Chreidimh Eabhraigh’. Rugadh a mac, a bhí 8 mbliana d’aois, i mBaile Átha Cliath. Ní raibh léamh ná scríobh i mBéarla ag Lina, a bhean chéile. Bhí searbhónta tí acu, a bhí ina Caitliceach Rómhánach, a rugadh i Loch Garman, agus a raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla ar a toil aici. Seiceáil.

Foirm A Theaghlach Taylor 1911

Íomhánna: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Teaghlach Taylor
  Táilliúir a bhí in Jacob Taylor chomh maith. Is sa Rúis a tháinig eisean, a bhean chéile, Hilda, agus an bheirt mhac ba shine a bhí acu ar an saol. Rugadh beirt mhac eile in Leeds, saolaíodh an leanbh ab óige i mBaile Átha Cliath. Bhí na leanaí idir 11 bhliain agus 22 bliain d’aois agus bhí gach duine acu ina gcónaí in aon seomra amháin. Rinneadh cur síos orthu mar dhaoine de chuid ‘an Chreidimh Eabhraigh’ freisin. Ní raibh léamh ná scríobh i mBéarla ag ceachtar den bheirt tuismitheoirí. Chuir Jacob X (a mharc), in ionad a shínithe, ag bun na foirme. Seiceáil.

Arm na Breataine ar Shráid Chéipil, 1920/1921

Grianghraf: Nationaal Archief/Collectie Spaarnestad/Het Leven

Sráid Chéipil, 1921

Arm na Breataine ar Shráid Chéipil, 1920/1921.

Tabhair do d’aire na héadain siopa ar thaobh na láimhe clé den ghrianghraf: Bhí Skeffington’s in Uimh. 24 agus Egan’s ar an gcéad urlár. Bhí William’s suite béal dorais, áit ar díoladh tae agus earraí grósaera, agus ag Uimh. 25 freisin. Bhí muintir Miller i mbun gnó cúpla doras síos uathu.

Bheadh na héadain siopa seo an-chosúil leo siúd a d’fheiceadh Lemass agus é ina dhéagóir.

Seán Mac Diarmada (Acmhainní Foghlama)

Próifíl Taighde: Seán Mac Diarmada

Saol poiblí agus príobháideach: fionnachtain sna cartlanna.

An fear poiblí i 1916: tús eolais

Tugann an phlaic seo, a cuireadh suas san áit a raibh oifig Sheáin Mhic Dhiarmada lonnaithe ag Uimh. 12, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath
Tugann an phlaic seo, a cuireadh suas san áit a raibh oifig Sheáin Mhic Dhiarmada lonnaithe ag Uimh. 12, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath, aitheantas don fhear mar: rúnaí Chomhairle Mhíleata Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB); bainisteoir Irish Freedom (nuachtán Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann) agus Nationality (a bhí curtha in eagar ag Arthur Griffith); duine de shínitheoirí an Fhorógra i 1916. Cuireadh chun bháis é ar an 12 Bealtaine 1916.

Tagann a ainm i ndiaidh Tom Clarke ar an bhForógra.
Tagann a ainm i ndiaidh Tom Clarke ar an bhForógra.. Tuigtear gurb iad príomhúdair Éirí Amach na Cásca iad.

Tom Clarke, John Daly, agus Seán Mac Diarmada Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tá Tom Clarke, agus é 60 bliain d’aois, ar chúl sa ghrianghraf seo, in éineacht le John Daily, Fínín, uncail le Kathleen Clarke agus le Ned Daly (a cuireadh chun bháis i 1916 freisin), agus Seán Mac Diarmada óg, féasógach, atá ina shuí chun tosaigh. Glactha sa bhliain 1915, arna iarraidh ag Seán Mac Diarmada.

Is iad sin na gnéithe poiblí is eol do chách i ndáil le Mac Diarmada. Bíodh sin mar atá, is féidir léargas níos dlúithe a fháil anois ar shaol príobháideach an fhir ach cuntais ó bhéal, tuairiscí oifigiúla agus litreacha príobháideacha a chur faoi chaibidil.

An tÉirí Amach: ar chúl an stáitse

Aoine an Chéasta, 1916 i mBialann an Red Bank, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath

A bhuíochas leis an bhfianaise atá i mbailiúchán Bhiúró na Staire Míleata, .i. na ráitis finné a thug daoine a bhí ina chomhluadar, is féidir linn é a leanúint trasna na sráide óna oifig ag Uimh. 12, Sráid D’Olier agus isteach i mBialann an Red Bank ag Uimh. 19 – 20, áit a raibh roinnt de na daoine a bhí i láthair ar an oíche chinniúnach sin ag ullmhú na bpleananna don tseachtain a bhí amach rompu.

Sa sliocht thíos, déanann Diarmuid Lynch cur síos ar an tráth ríthábhachtach ar thug Mac Diarmada na pleananna dó faoi na foirgnimh a bhí le gabháil ag na reibiliúnaigh agus ar thug sé an sceitse de na Ceithre Cúirteanna ar aghaidh do Ned Daly:

Ráiteas Diarmuid Lynch: WS 4, lch. 25, pár.2
Ráiteas Diarmuid Lynch: WS 4, lch. 25, pár.2

  • Rinne Diarmuid Lynch, as Corcaigh, seirbhís i ngarastún Ard-Oifig an Phoist. Gearradh pionós an bháis air, ach laghdaíodh é sin go dtí 10 mbliana pianseirbhíse de bharr go raibh saoránacht Mheiriceánach aige.
  • Bhí Ned (Edward) Daly, as Luimneach, ar dhuine den gharastún a ghabh seilbh ar na Ceithre Cúirteanna ar Luan Cásca. Cuireadh chun bháis é ar an 4 Bealtaine i gCill Mhaighneann.
  • Ba é Piaras Béaslaí, as Learpholl, an leascheannasaí faoi Ned Daly sna Ceithre Cúirteanna. Gearradh cúig bliana pianseirbhíse air.

Déanann James Ryan cur síos ar iarratas Mhic Dhiarmada an tráthnóna sin le hordú rúnda a thabhairt chomh fada le Tomás Mac Curtain, duine de cheannairí na nÓglach i gCorcaigh.

Ráiteas James Ryan: WS 70, lch1, pár.1
Ráiteas James Ryan: WS 70, lch1, pár.1

  • Rinne James Ryan, as Loch Garman, seirbhís mar oifigeach leighis in Ard-Oifig an Phoist.

Éiríonn le Min Ryan (Mary Josephine Mulcahy) an teannas agus an rúndacht a bhí le brath sa seomra bia sin an tráthnóna sin a chur i bhfocal:

Ráiteas Mary Josephine Mulcahy: WS 399, lch. 7, pár. 2
Ráiteas Mary Josephine Mulcahy: WS 399, lch. 7, pár. 2

  • Min Ryan (Mary Josephine Mulcahy), as Loch Garman, deirfiúr le James Ryan. Rinne sí seirbhís in Ard-Oifig an Phoist agus d’iompair sí teachtaireachtaí isteach san fhoirgneamh agus amach as do Mhac Piarais agus Ó Rathaille.
  • Gearóid O’Sullivan, as Corcaigh Tá sé curtha síos dó gurb é a chuir an bhratach in airde ar Ard-Oifig an Phoist. Rinneadh é a imtheorannú i bhFrongoch, an Bhreatain Bheag.

Saol sóisialta Mhic Dhiarmada: léargas nua

Más rud é gurbh í Sráid D’Olier croílár a shaoil polaitíochta, tugann na ráitis finné léargas ar a shaol sóisialta chomh maith.

Thart ar Shráid Grafton

Ó oifigí na nÓglach ag Uimh. 2, Sráid Dhásain, bhuaileadh sé isteach sa Bailey ar Shráid an Diúic le toit, deoch agus comhrá a bheith aige in éineacht le cairde a raibh an dearcadh céanna acu, leithéidí Jack Morrow, an t-ealaíontóir, nó Piaras Béaslaí, an t-iriseoir. Chasadh deirfiúracha Ryan air in Bewleys le haghaidh caife beagnach gach uile lá.

Raghnallach

Is minic a thugadh sé cuairt ar Theach Ryan, ag 19 Bóthar Raghnallach. Léachtóir sa Fhraincis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a bhí in Mary Kate (Kit) Ryan, agus theagascadh Min ranganna oíche sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis i gColáiste Tráchtála Ráth Maonais (tá beathaisnéisí iomlána le fáil sa leagan ar líne de Foclóir na mBeathaisnéisí Éireannacha).

Bhí an bheirt deirfiúracha páirteach i ngluaiseacht Shinn Féin agus bhí ina mball de ghrúpaí radacacha eile, leis.

Is anseo in Uimh. 19 a thagadh idir mhic léinn, léachtóirí, iriseoirí, scríbhneoirí agus ghníomhaígh pholaitíochta le chéile ar oíche Domhnaigh. De réir Min, bhí an rud ar fad éadrom go leor: comhluadar maith, amhránaíocht agus aithris dánta tírghrácha. Bhíodh an bord lán le tae agus borróga ó thús deireadh na hoíche.

Bhí an Moinsíneoir Pádraig de Brún, Ollamh leis an Matamaitic i Maigh Nuad ar dhuine de na cuairteoirí sin, duine a bhí den tuairim go raibh ‘go leor léite ag Mac Diarmada, go háirithe ó thaobh na staire de, agus cur amach réasúnta maith aige ar an nGaeilge’.

Plaic ar Shráid Anraí, a dhéanann comóradh ar shíniú an Fhorógra.

Sráid Anraí

Le linn na seachtaine, ba ghnách leis an t-achar gairid a shiúl ó Shráid D’Olier, suas Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill), thar Ard-Oifig an Phoist, go dtí Sráid Anraí, áit a raibh bialann darbh ainm The Irish Farm Produce Company suite ag Uimh. 21.

Faoi úinéireacht Jennie Wyse Power, (náisiúnaí, agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan) agus a fir chéile, John, bhí aithne fhorleathan ar an mbialann mar ionad cruinnithe do Arthur Griffith agus príomhbhaill eile de chuid Shinn Féin. De réir Nancy Wyse Power (iníon le Jennie), bhíodh Mac Diarmada ‘ann i gcónaí’. Luaigh sí freisin gur síníodh an Forógra i seomra príobháideach thuas staighre, tráthnóna Dé Céadaoin, an 19 Aibreán.

Uimh. 5, Sráid na Mainistreach Íochtarach

Ba leis an mBardasach John Davin Tábhairne agus Óstán an Ship. Rinne Michael Noyk cur síos air mar ‘náisiúnaí maith’ agus luaigh go raibh an tábhairne ‘ina ionad cruinnithe do scarúnaithe Éireannacha de gach uile shórt’.

Théadh Mac Diarmada chuige go rialta le haghaidh lóin agus chonacthas ann tráthnóna Shatharn Cásca é. Ina ráiteas, luaigh Noyk go ndeachaigh sé isteach sa teach ósta an oíche sin agus go raibh ‘atmaisféar neamhghnách’ le brath san áit. ‘Bhí na fir ar fad a bhíodh san áit go rialta, arbh ghnách leo bheith ag magadh agus ag gáire, ag cur agus ag cúiteamh go dáiríre’.

Grianghraf stiúideo de Mhac Diarmada
Seomraí Lóin DBC i mí na Bealtaine 1916 tar éis a scriosta

Grianghraif: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Saintréithe agus taithí phearsanta

Deirtear go raibh sé bríomhar, lúthchleasach agus láidir nuair a bhí sé óg, agus gur thaistil sé ó cheann ceann na tíre, gan stad, gan staonadh, mar eagraí de chuid Shinn Féin. Tháinig athrú ó bhonn air sin i bhfómhar na bliana 1911, tráth ar tháinig cineál póilió air, rud ar chaill sé lúth a choise clé dá bharr agus a d’fhág tinnis eile ann chomh maith. Nuair a d’fhág sé an t-ospidéal ceithre mhí ina dhiaidh sin, dúradh nach raibh daoine in ann é a aithint fiú amháin. Ní raibh sé in ann siúl gan an maide siúil a bheith aige ón uair sin ar aghaidh.

Ina ainneoin sin, rinneadh cur síos air i ráitis finné mar dhuine a mbíodh ‘spionn maith air i gcónaí’, duine a bhí ‘gealchroíoch’, ‘sóisialta’ agus ‘cairdiúil’, agus duine ‘ar mhaith leis scéalta grinn’. Dúirt idir fhir agus mhná go raibh sé ‘geanúil’, ‘dathúil’, agus thug suntas ar leith dá ‘shúile cineálta’ agus dá ‘mheangadh gáire leathan’. Dúirt roinnt acu go raibh sé cosúil le Mícheál Ó Coileáin sa chaoi a dtéadh a chuid díograise i bhfeidhm ar dhaoine.

Seomraí Lóin agus Tae DBC, Sráid Sackville

Thug Bob Brennan, as Loch Garman, pictiúr soiléir de chruinniú a bhí aige leis i mbialann eile, Seomraí Lóin DBC, 5 – 6 Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill), a bhí suite ar an gcoirnéal le Sráid na Mainistreach. Áit eile ab ea é seo ar tháinig deirfiúracha Ryan agus náisiúnaithe óga eile, amhail Seán Tomás Ó Ceallaigh agus Mac Diarmada, le chéile.

Ráiteas Robert Brennan: WS 779, lch. 23, pár. 2
Ráiteas Robert Brennan: WS 779, lch. 23, pár. 2

‘Dialann’ oifigiúil: Póilíní Chathair Átha Cliath (DMP), (Comhaid maidir le Gluaiseacht Antoisceach)

Choinnigh aonad bleachtaireachta Phóilíní Chathair Átha Cliath dialann laethúil de shaghas eile, inar choinnigh siad súil ghéar ar theacht agus imeacht ‘John McDermott’ (d’úsáid siad an leagan Béarla dá ainm) agus na ndaoine eile a bhí ‘faoi amhras’ mar a rinne siad a ngnó, m.sh.

An 23 Nollaig 1915 ‘With Thomas J Clarke at his shop in 75a Parnell Street... Joseph Murray, John McDermott and John McGarry for half an hour, between 8-9 p.m’.
[bhí idir Murray agus McGarry ina mball de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, a rinne seirbhís in Ard-Oifig an Phoist ina dhiaidh sin]
An 24 Nollaig 1915 ‘Thomas J Clarke and John Mc Dermott left Kingsbridge Station by 6.15 train en route to Limerick. RIC informed...’

Tom Clarke seen outside his shop at 75a Parnell Street

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Mac Diarmada home in Leitrim

Íomhá: www.myonlinemuseum.org

Cuid 1: Sóisialta agus pearsanta – na luathbhlianta

Tugann na foirmeacha daonáirimh ó 1901 agus ó 1911 léargas dúinn ar na sonraí agus na nithe a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag teacht in inmhe i dtreo an fhir a fheicimid sa bhliain 1916.

D’fhás Mac Diarmada aníos i dteach a bhí an-chosúil le tithe na ndaoine eile a raibh cónraí orthu i mbaile fearainn Bharr na Leachtaí. De réir na bhfoirmeacha daonáirimh, bhí siad go léir ina bhfeirmeoirí agus an-chuid díobh anonn go maith sna blianta. Ba é teaghlach Mhic Dhiarmada an teaghlach ba mhó agus ab óige.

Daonáireamh 1901, Barr na Leachtaí, Liatroim

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1901

Foinse 1

Daonáireamh 1901, Barr na Leachtaí, Liatroim. Breathnaigh air.

De réir an Daonáirimh, bhí muintir Mhic Dhiarmada ina gcónaí i dTeach Uimh. 1 i mbaile fearainn Bharr na Leachtaí, atá suite i dtoghroinn cheantair Ghleann Fearna, Co. Liatroma.

  • Cén teanga a úsáideadh leis an bhfoirm a chomhlánú?
  • Cén leagan dá ainm (Mac Diarmada) a úsáideadh ar an bhfoirm?
  • Cén tslí bheatha a bhí ag a athair?
  • Cé mhéad buachaillí agus cailíní a bhí sa teaghlach?
  • Cén t-eolas a tugadh maidir le gach aon duine sa cholún maidir le teanga, dar teideal Irish language?
Daonáireamh 1911, Barr na Leachtaí, Liatroim

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Foinse 2

Daonáireamh 1911, Barr na Leachtaí, Liatroim. Breathnaigh air.

De réir an Daonáirimh seo, tá an teaghlach fós ina gcónaí anseo, ach tabhair faoi deara na hathruithe éagsúla a thit amach le deich mbliana anuas. Úsáid an bhileog oibre.

  • Cé mhéad daoine atá imithe ón teach anois?
  • Cé atá ina gcónaí ann anois?
  • Cén teanga a úsáideadh leis an bhfoirm a chomhlánú?
  • Cén t-eolas a tugadh maidir le gach aon duine sa cholún maidir le teanga, dar teideal Irish language?
  • Cén chaoi a bhfuil sé sin difriúil leis an daonáireamh roimhe?
Daonáireamh 1911, 15 Plás an Ruiséalaigh, Baile Átha Cliath

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Foinse 3

Daonáireamh 1911, 15 Plás an Ruiséalaigh, Baile Átha Cliath. Breathnaigh air.

Faoin mbliain 1911, bhí Mac Diarmada, 26 bliain d’aois, ina chónaí i bPlás an Ruiséalaigh, Baile Átha Cliath. Bhí athrú ollmhór tagtha ar a shaol. Bhí sé páirteach i roinnt mhaith eagraíochtaí tábhachtacha, idir chultúrtha agus pholaitiúil.
Cuir an tuairisceán daonáirimh i ndáil leis an teach lóistín faoi chaibidil agus freagair na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén teanga a d’úsáid sé agus na lóistéirí eile leis an bhfoirm a chomhlánú?
  • I gcolún 4, luaigh sé ‘Náisiúntacht na hÉireann’ mar an creideamh a bhí aige. Cén chaoi a ndearna an t-áiritheoir aistriúchán air sin?
  • I gcolún 9, stádas pósta, luaigh sé go raibh sé ‘aonta, ach ní fada a bheidh’.
  • I gcolún 15, faoi ‘infirmity’, luaigh sé go raibh sé ‘croí briste’ – ‘m’aontacht’.

Foinse 4

Lá an Daonáirimh, an 2 Aibreán, 1911.

Chabhraigh Póilíní Chathair Átha Cliath (DMP) mar áiritheoirí i mBaile Átha Cliath. I measc na dtascanna a bhí acu bhí scaipeadh, comhthiomsú agus bailiú na bhfoirmeacha.
Léigh cuntas ar Bhaile Átha Cliath ar an 2 Aibreán.

Réamhrá (Acmhainní Foghlama)

Taighde Teaghlaigh 2016, Acmhainní Foghlama: Réamhrá

Spreagann an tionscadal seo daltaí chun craobh ghinealaigh chur i dtoll a chéile, rud a chuirfidh ar a gcumas breathnú siar ar shaol a sinsearach sa bhliain 1916. Ar an gcaoi sin gheobhaidh daltaí tuiscint ar na cúinsí sóisialta agus polaitiúla a bhí i réim ag an am sin.

Tá sé ceaptha bheith ina ‘aistear foghlama’ agus níl aon rialacha docht daingean leagtha síos dá bharr sin. Is féidir an tionscadal a bhunú ar dhuine de mhuintir an dalta féin, nó ar dhuine arbh as an áit chéanna dó nó di. Is féidir le daltaí tabhairt faoin tionscadal ina n-aonar nó ina ngrúpaí. Breathnaigh ar na nótaí mionteagaisc iomlána atá le fáil ar Thionscadal Sinsearachta 1916 Scoilnet.

Is féidir le daltaí ar gach leibhéal, ó bhunscoil go hiar-bhunscoil shinsearach, iarracht a dhéanamh ar an taighde ar na leibhéil deacrachta is cuí. Is faoi lánrogha an mhúinteora ranga a bheidh sé sin.

Seans gur mhian leis na daltaí siúd arb as áiteanna taobh amuigh d’Éirinn dóibh lorg a muintire a leanúint siar go dtí an áit a raibh cónaí orthu sa bhliain 1916.

Cás-staidéir

Cé go raibh an bheirt acu in Ard-Oifig an Phoist le linn Sheachtain na Cásca, thóg siad bealaí an-éagsúil chun Éirí Amach na Cásca. Buachaill gan iomrá, 16 bliana d’aois, a bhí in Lemass, nach raibh ina bhall d’Óglaigh na hÉireann ach le 15 mhí. Bhí Mac Diarmada ar dhuine de príomhphleanálaithe an Éirí Amach agus ba phearsa lárnach i Náisiúnachas na hÉireann é.

Seán Lemass agus Seán Mac Diarmada

Cé go raibh an bheirt acu in Ard-Oifig an Phoist le linn Sheachtain na Cásca, thóg siad bealaí an-éagsúil chun Éirí Amach na Cásca. Buachaill gan iomrá, 16 bliana d’aois, a bhí in Lemass, nach raibh ina bhall d’Óglaigh na hÉireann ach le 15 mhí. Bhí Mac Diarmada ar dhuine de príomhphleanálaithe an Éirí Amach agus ba phearsa lárnach i Náisiúnachas na hÉireann é.

Tar éis an Éirí Amach, níorbh é an deireadh céanna a bhí i ndán dóibh beirt ach an oiread: Scaoileadh Lemass saor ón ionad coinneála de barr go raibh sé chomh hóg sin agus toghadh mar Thaoiseach an stáit neamhspleách é amach ina shaol. Chuir scuad lámhaigh Mac Diarmada chun bháis laistigh de choicís tar éis ghéilleadh na reibiliúnach.

Tús a chur leis an Tionscadal

  1. Aimsigh agus bailigh an fhianaise ach breathnú ar na croíláithreáin ghréasáin maidir le taighde teaghlaigh, agus tosaigh amach leis na taifid ábhartha Eaglaise, Shibhialta agus Daonáirimh thíos. Más rud é go raibh do rogha duine páirteach i saol na polaitíochta, cuardaigh na taifid atá i mbailiúchán Bhiúró na Staire Míleata agus sa Bhailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata.

    Bailigh oiread eolais agus is féidir leat ó do mhuintir nó i do cheantar faoi do rogha duine. Déan aon ghrianghraif nó aon bhoinn a scanadh, nó glac grianghraif d’fhoirgnimh nó de dhéantáin a d’fhéadfadh na dálaí sóisialta a bhí ann i 1916 a léiriú.

    Brabhsáil na hacmhainní ar líne breise atá liostaithe thíos le teacht ar réimse nasc bainteach, ar léarscáileanna idirghníomhacha, ar ghearrthóga físe agus fuaime agus ar ghrianghraif stairiúla.

    Teimpléid: Craobh Ghinealaigh – Foirm thras-scríofa i gcomhair Dhaonáirimh 1901 agus 1911; bileog chomhairle maidir le foirm an Daonáirimh.

  2. Déan do chuid foinsí a logáil agus a eagrú, agus déan anailís orthu. Déan liosta de na foinsí ar bhreathnaigh tú orthu agus luaigh cén chaoi a raibh an fhoinse sin úsáideach duit.

    Teimpléid: Bileog thaifid.

  3. Cuir i láthair agus foilsigh. Nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe i do rogha formáide, déan é a uaslódáil chuig Tionscadal Sinsearachta 1916 Scoilnet.

Acmhainní Ar Líne

Príomhchartlanna

1. Irish Genealogy.ie

Láithreán tairsí le haghaidh taifid ríthábhachtacha Eaglaise agus Shibhialta. Tá sé lán-inchuardaithe de réir ‘duine’, ‘áit’, ‘dáta’ ag an aon am amháin.

2. An Chartlann Náisiúnta

Stór tairsí le haghaidh thaifid ríthábhachtacha na tréimhse seo, lena n-áirítear:

3. Biúró na Staire Míleata

Ráitis finné, doiciméid chomhaimseartha agus bailiúchán beag íomhánna agus taifeadtaí fuaime a bhaineann le 1916 agus le Cogadh na Saoirse. Tá sé lán-inchuardaithe de réir ainm agus suímh. Clúdaítear an tréimhse 1913 – 1921. Tá treoir maidir leis an mbailiúchán le fáil anseo.

4. An Chartlann Mhíleata

An Bailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata: comhaid is le daoine aonair a thug seirbhís i 1916, i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha agus a rinne iarratas ar phinsean. Téann le bailiúchán Bhiúró na Staire Míleata. Lán-inchuardaithe.

An tÉirí Amach san Idirbhliain: bailiúchán pleananna ceachta téamúla do dhaltaí na hIdirbhliana.

Acmhainní Ar Líne Breise

5. An Leabharlann Náisiúnta

Taispeántas ar líne atá bunaithe ar dhoiciméid, dar teideal The 1916 Rising: Personalities and Perspectives, ina bhfuil léargas cuimsitheach, stairiúil tugtha ar Éirí Amach na Cásca.

Bailiúchán Fótagrafach Digiteach ina bhfuil léirithe na dálaí sóisialta a bhí ann in Éirinn i ndeireadh an 19ú haois.

6. Nuachtáin

Nuachtáin, idir náisiúnta agus áitiúil:

  • Cartlann an Irish Times (ar fáil saor in aisce i scoileanna agus i leabharlanna poiblí in Éirinn)
  • Cartlann na Nuachtán Éireannach (ar fáil saor in aisce i leabharlanna poiblí in Éirinn)

7. Foclóir na mBeathaisnéisí Éireannacha

Ar fáil saor in aisce do dhaltaí trí Scoilnet agus i leabharlanna poiblí in Éirinn.

8. RTÉ: Century Ireland

Nuachtán stairiúil ar líne, ina bhfuil a lán ábhair amhairc, chartlainne agus chomhthéacsúil, a insíonn eachtraí i saol na hÉireann 100 bliain ó shin.

9. Cartlann RTÉ

Cartlann ar leith ina bhfuil agallaimh scannáin agus raidió leo siúd a chonaic ar thit amach le linn Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na Saoirse lena dhá shúil féin.

They Remember 1916: Seacht n-agallamh raidió, a taifeadadh sa bhliain 1946 le daoine aonair a raibh cuimhne acu ar Éirí Amach na Cásca.

The Survivors: Cúig agallamh teilifíse, a taifeadadh sa bhliain 1964, ach nár craoladh roimhe seo, le daoine aonair a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse.

They Were There: 50 cuntas finné ar eachtraí 1916, atá leagtha amach ar léarscáil idirghníomhach. Léarscáil idirghníomhach de Bhaile Átha Cliath ar theacht na réabhlóide, le cuntais ó dhaoine aonair a chonaic ar thit amach ar na sráideanna.

Iubhaile an Leathchéid: Físeáin d’imeachtaí a bhí ar siúl ar fud na tíre le linn an chomóraidh i 1966.

10. Turas Google ar Éirí Amach na Cásca, 1916

Turas fíorúil ar phríomhláithreacha agus ar príomheachtraí an Éirí Amach.

11. An Réabhlóid Éireannach

Comharthionscadal ar líne idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus an Irish Examiner, ina gcuirtear faoi chaibidil roinnt de na heachtraí a thit amach i ndeisceart na tíre go háirithe.

12. Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá roinnt rudaí ar leith sa leabharlann a chuireann casadh eile ar eachtraí sheachtain na Cásca, lena n-áirítear Logleabhar Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath i ndáil le hÉirí Amach na Cásca.

13. Cainteanna Stairiúla Theach Laighean

Sraith léachtaí gairide ó Theach Laighean ar ábhair a bhaineann le 1916, lena n-áirítear ról na mban i 1916.

14. Bratach na hÉireann

Láithreán gréasáin oideachasúil, ar a ndéantar plé le stair na brataí trí dhath, a cuireadh in airde ag Ard-Oifig an Phoist le linn sheachtain na Cásca.

15. Coláiste na Tríonóide: Changed Utterly: Éire agus Éirí Amach na Cásca

Bailiúchán ilchineálach dialann, grianghraf, litreacha agus paimfléad a roghnaíodh ó Leabharlann Choláiste na Tríonóide.

16. Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: Mol na Staire

Sraith podchraoltaí, doiciméad agus páipéir thaighde a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca.

17. Ollscoil Mhaigh Nuad: Litreacha 1916

Bailiúchán litreacha ar líne i ndáil le hÉirinn, a scríobhadh thart faoi am Éirí Amach na Cásca. Féach An tÉirí Amach san Idirbhliain.

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.