An Daonáireamh
Cuid riachtanach den rialtas is ea an daonáireamh. Gan faisnéis chruinn a bheith agat ar cá mhéad daoine atá ann, cá háit a bhfuil cónaí orthu agus cén aois iad, ní féidir seirbhísí sláinte, iompar poiblí, cánachas ná roinnt mhaith gnéithe eile de shochaí eagraithe a phleanáil.
Reáchtáladh na chéad daonáirimh a bhfuil eolas orthu sa tSean-Bhablóin beagnach 6,000 bliain ó shin. D’eagraigh na Sean-Éigiptigh, na Sean-Gréagaigh, na Sean-Indiaigh, na hIosraeilítigh, na Sean-Sínigh agus na Sean-Rómhánaigh iad chomh maith. I ngach uile chás, bhí dlúthbhaint acu le cúrsaí cánachais agus le seirbhísí poiblí.
Thosaigh an cineál daonáirimh atá againn na laethanta seo, atá bunaithe ar phrionsabail eolaíocha, staitistiúla, agus ar i bhfad níos mó ná uimhreacha agus áiteanna amháin a thaifeadadh, ag deireanach an 18ú haois agus bhí sé bunaithe agus seanbhunaithe mar chuid riachtanach den riarachán poiblí faoi lár an 19ú haois. Is é an gnáthchleachtas, atá fós molta ag na Náisiúin Aontaithe, ná go ndéanfaí daonáireamh a reáchtáil gach 10 mbliana.
Gan trácht ar an bhfaisnéis a chuireann sealbhóirí tí isteach ar fhoirmeacha daonáirimh, tugann na ceisteanna a chuirtear léargas maith ar na rudaí b’údar imní don rialtas a chuir i dtoll a chéile iad. Mar shampla, i ndaonáirimh idir 1800 agus 1860 sna Stáit Aontaithe, iarradh a lán sonraí faoi líon na sclábhaithe i ngach uile theach. Ón mbliain 1870 ar aghaidh, tar éis deireadh a chur leis an sclábhaíocht, cuireadh ceisteanna maidir le ‘dath’ in ionad na gceisteanna sin. Ón mbliain 1880, tráth a raibh an oll-inimirce i mbéal an phobail, iarradh áit bhreithe athair agus mháthair gach duine aonair.
In Éirinn tá ceist curtha mar gheall ar chreideamh ar gach uile dhaonáireamh ó bhí an bhliain 1831 ann. Ní mar an gcéanna a bhíonn daonáirimh i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i gCeanada ná sna Stáit Aontaithe, áfach, áiteanna nach gcuirtear a leithéid de cheist go stairiúil. Tá ceist an chreidimh, go sonrach cá mhéad Caitliceach Rómhánach agus Protastúnach a bhí ann, ina ceist ríthábhachtach do roinnt mhaith rialtas Éireannach leis na blianta.
Cén fáth ar gá daonáirimh a reáchtáil in Éirinn?
Tháinig Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe tar éis Acht an Aontais, 1800. Roimhe sin ní raibh an riarachán poiblí in Éirinn córasach ná baol air. Tar éis 1800, thug na boic mhóra i Londain faoi deara go raibh siad i gceannas ar áit nach raibh mórán ar eolas acu fúithi. Is dá bharr sin a rinneadh iarracht i ndiaidh iarrachta sa chéad leath den 19ú haois Éire a thomhas agus a thaifeadadh ar bhealach nár tharla riamh roimhe.
Reáchtáladh céad fhíordhaonáireamh na Ríochta Aontaithe nua in Éirinn sa bhliain 1821. Cuntaiseadh líon na ndaoine a bhí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ní ba luaithe ná sin, ach ba é an daonáireamh sin an chéad daonáireamh a rinneadh ar bhealach nua-aimseartha sa chaoi a ndearnadh taifead ar ghaolta, ar shlite beatha agus ar sheoltaí. Is é an fhírinne go raibh sé lochtach — íocadh na háiritheoirí as líon na dtuairisceán a tháirg siad, rud a spreag siad chun daoine a chumadh — ach cuireadh i gcrích don oileán ar fad é ar aon chuma.
Reáchtáladh daonáirimh gach 10 mbliana dá éis sin agus d’éirigh siad ní ba mionsonraithe agus ní ba chuimsithí de réir mar a tháinig feabhas ar chumas an riaracháin phoiblí Victeoiriaigh agus mar a leathadh amach ar fud fad na hÉireann é.
Cad a tharla do thuairisceáin Dhaonáireamh na hÉireann?
Faoin mbliain 1914, rinneadh 10 ndaonáireamh iomlána in Éirinn. Scriosadh na tuairisceáin ó na daonáirimh in 1861 agus in 1871 go gairid tar éis na ndaonáireamh féin, ach bhí tuairisceáin ó 8 ndaonáireamh iomlána fós ann. Bogadh na tuairisceáin ón gcéad cheithre cinn chuig Oifig na dTaifead Poiblí, agus bhí na cinn eile fós i seilbh Oifig an Ard-Chláraitheora, arbh é an comhlacht é a bhí freagrach as na daonáirimh i ndiaidh na bliana 1851.
Ansin thit an tóin as an saol orthu. Ar an gcéad dul síos, ag am éigin le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thug an tArd-Chláraitheoir ordú go ndéanfaí na tuairisceáin ón mbliain 1881 agus 1891 a scriosadh. Ní fios go fóill cén fáth ar tugadh an t-ordú sin.
Ar an dara dul síos, i mí an Mheithimh 1922, leagadh Oifig na dTaifead Poiblí i mBaile Átha Cliath go talamh sa tuargaint a chuir tús leis an gCogadh Cathartha agus scriosadh gach uile ní a bhí á stóráil ina Seomra Daingean, gach rud ó na ceithre dhaonáireamh ba luaithe ina measc.
Is iad an dá dhaonáireamh a tháinig slán ina n-iomláine ná 1901 agus 1911. Níl ach píosaí beaga fágtha ó na daonáirimh eile – agus níl na píosaí sin againn ach amháin toisc go raibh siad á n-athcheangal, á n-úsáid sa Seomra Léitheoireachta, agus nach raibh siad curtha ar ais ar na seilfeanna go fóill tráth ar tharla an tuargaint.
Tá na tuairisceáin uile a tháinig slán ó na daonáirimh roimh 1922 scanta anois, agus is féidir iad ar fad a chuardach saor in aisce ar láithreán gréasáin Chartlann Náisiúnta na hÉireann, census.nationalarchives.ie