Logainmneacha
Tá dílseacht do d’áit dúchais níos láidre in Éirinn ná mar is gnách. Téann stair na dílseachta sin siar na mílte bliain, rud atá léirithe sa mhéid ollmhór seanchais atá ann a bhaineann le logainmneacha. Tugtar Dinnseanchas ar an gcineál seanchais sin, a mhíníonn cén chaoi a bhfuair bailte fearainn agus paróistí a n-ainm.
Tá cuid mhaith den seanchas sin le fáil ar líne anois ag www.logainm.ie.
Tá seoltaí tuaithe fós bunaithe ar bhailte fearainn, a bhfuil níos mó ná 60,000 díobh ann, agus ní ann dóibh in aon áit eile seachas Éirinn. Is cosúil go raibh córais chosúla logainmneacha ann in áiteanna eile san Eoraip le linn na Meánaoiseanna agus roimhe sin, ach níl siad fágtha ach in Éirinn anois.
Go deimhin, tá tábhacht nach beag ag baint le logainmneacha ó thaobh na staire teaghlaigh de - ní mór duit a fháil amach cén áit a raibh cónaí ar dhaoine le teacht ar na taifid fhiúntacha a bhaineann leo, rud a fhágann gur tábhachtach an rud é sainaithint a dhéanamh ar an áit cheart. Bíonn sé sách deacair amhlaidh a dhéanamh i roinnt mhaith cásanna, leis.
Cén chaoi ar fhorbair logainmneacha Éireannacha agus cén chaoi ar cuireadh as a riocht iad
Ba í an phríomhchúis leis sin ná an chaoi ar trasuíodh na logainmneacha ó Ghaeilge go Béarla. Tharla sé sin den chéad uair sa chéad tríocha bliain den 19ú haois, tar éis d’Acht an Aontais (1800) riar na hÉireann a bhogadh chuig Londain. Ba í an chéad chéim den phróiseas sin ná an tír a thomhas, próiseas ar thosaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis air sna 1820í. Ach níorbh ann d’aon liosta córasach a luaigh cá háit a raibh áiteanna ná cén t-ainm a bhí orthu. Mar sin, ar cheann de na chéad tascanna a bhí le comhlíonadh ag an tSuirbhéireacht Ordanáis ná litriú (i mBéarla) na logainmneacha uile ar oileán na hÉireann a chaighdeánú.