Taifid Shibhialta

Taifid Shibhialta

Sa chéad leath den 19ú haois, tháinig méadú ollmhór ar an gcóras riaracháin stáit i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Cuireadh cosc ar an bhfostú páistí, tugadh isteach scrúduithe státseirbhíse agus bogadh maoirseacht ar oidhreacht ón eaglais chuig an státseirbhís, i measc athruithe eile.

Theastaigh ó shaoránaigh, dá bharr sin, bealach oifigiúil éigin lena n-aitheantas, a n-aois agus a stádas pósta a chruthú nuair a bhí orthu plé a dhéanamh le comhlachtaí oifigiúla. Mar sin, tugadh isteach clárú breitheanna, básanna agus póstaí sa bhliain 1837 i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, agus sa bhliain 1855 in Albain.

As na trí chineál imeachta siúd a thosaigh an stát a chlárú, tugann na taifid phósta an méid is mó faisnéise dúinne go mór fada.

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

 

Tuairisceáin breitheanna sibhialta do chathair Chorcaí, 1900.

Íomhá: irishgenealogy.ie, Taifid Shibhialta

Cathain ar cuireadh tús leis an gcóras in Éirinn agus cén chaoi ar oibríodh sé

Cuireadh tús le clárú póstaí neamh-Chaitliceacha Rómhánacha sa bhliain 1845, ach níor tháinig an córas clárúcháin iomlán i bhfeidhm go dtí 1864. Uaidh sin amach, go teoiriciúil ar aon chuma, bhí oibleagáid dhlíthiúil ar dhaoine gach breith, bás agus pósadh a chlárú le cláraitheoir áitiúil laistigh de thréimhse ghairid i ndiaidh an imeachta agus ghearrfaí pionós orthu siúd nach ndearna amhlaidh.

Eolas a bailíodh

Ó 1864 go dtí 2004, thaifeadtaí na míreanna faisnéise céanna i gcás gach ceann de na trí imeacht sin.

Breitheanna:

  • Ainm, inscne agus áit bhreithe;
  • Ainm, sloinne, slí bheatha agus seoladh an athar;
  • Ainm, sloinne ‘roimh phósadh’ agus seoladh an máthar.

Ní raibh aon oibleagáid dhlíthiúil céadainm a chlárú, ach chláraigh formhór na ndaoine ceann.

Básanna:

  • Ainm iomlán, slí bheatha, dáta, áit bháis an duine agus cad ba chúis leis;
  • Aois an duine ag am a bháis;
  • An duine atá ag clárú an bháis agus a ‘cháilíocht’ (mar shampla, ‘i láthair nuair a tharla an bás’).

Ní raibh d’oibleagáid aon ghaol teaghlaigh a chlárú, ach is iondúil go raibh an duine a bhí ag clárú an bháis gaolta leis an duine, agus gur chláraigh sé/sí an gaol sin (‘bean chéile’ nó ‘iníon’, mar shampla).

Póstaí: Maidir le gach duine aonair a bhí ag pósadh:

  • Ainmneacha iomlána, aoiseanna, stádas pósta, slite beatha, seoltaí tráth an phósta, ainmneacha na n-athar agus a slite beatha; as na trí chineál imeachta, is é an pósadh an ceann is úsáidí ó thaobh ginealais de, ós rud é go dtaifeadtaí ainmneacha na n-athar ar an dá thaobh den chaidreamh.

 

lightbulb hints
Ní mar a chéile aon dhá stair theaghlaigh, rud a fhágann nach féidir leat bheith cinnte cad a aimseoidh tú sula dtéann tú i mbun taighde. Bíodh sin mar atá, is iondúil nach mbeifeá in ann dul níos faide siar ná dáta tosaigh na gclár paróiste cuí. Cuireadh tús leis na taifid i dtreo dheireadh an 18ú haois i mBaile Átha Cliath agus roinnt de na ceantair shaibhre in oirthear na tíre, ach níor cuireadh tús lena leithéid go dtí na 1840í nó na 1850í i roinnt mhaith áiteanna san iarthar.

Aontais Dhlí na mBocht agus Ceantair Chlárúcháin

Bhí na ceantair gheografacha a úsáideadh (agus a úsáidtear go fóill) le clárúcháin shibhialta a bhailiú bunaithe ar na sean-Aontais Dhlí na mBocht. B’ionann gach Aontas agus ceantar a raibh teach na mbocht ina lár, agus é suite i mbaile mór margaidh de ghnáth. Ó 1838 ar aghaidh, bhí na tithe seo freagrach as an méid ab ísle tacaíochta ab fhéidir a chur ar fáil do na daoine ba bhoichte ina nAontas.

Nuair a cuireadh tús leis an gcóras clárúcháin sa bhliain 1963, úsáideadh creatlach Aontais Dhlí na mBocht a bhí ann cheana le hÉirinn a bhriseadh suas ina Ceantair Chlárúcháin, a bhí díreach mar an gcéanna leis na hAontais. Bhí Cláraitheoir Maoirseora i gceannas ar gach ceantar clárúcháin, agus bhí gach ceantar dá leithéid briste suas arís ina gceantair áitiúla, a bhí rite ag cláraitheoir a bhí freagrach don Mhaoirseoir.

Bhailíodh na cláraitheoirí clárúcháin bhreithe, phósta agus bháis in imleabhair réamhchlóite, agus chuiridís gach aon imeacht leo in ord croineolaíoch tráth ar cláraíodh iad. Nuair a bhíodh an t-imleabhar lán, thugaidís don Mhaoirseoir é. Dhéanadh sé cóip de ansin, sheoladh sé an chóip sin chuig an gceannoifig, .i. an Phríomh-Oifig Chlárúcháin i mBaile Átha Cliath, agus choinníodh cóip áitiúil dó féin.