Sloinnte
Is éard atá i sloinne ná ainm oidhreachtúil atá orainn agus ar dhaoine eile dár muintir. Is iondúil go bhfaightear an t-ainm ón athair agus go dtugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin é.
Is é sin an cineál sloinne is coitianta in Iarthar na hEorpa, i Meiriceá agus san Astráil, ach ní hé an t-aon chineál amháin atá ann. San Íoslainn, cuir i gcás, ní ann d’aon ainm oidhreachtúil go fóill: más rud é go dtugtar Michael ar d’athair, agus go dtugtar Martin ortsa, Martin Michaelson is ainm duitse. Dá mbeadh mac agat darbh ainm Peter, Peter Martinson a thabharfaí air. Ní mhaireann gach ainm ach aon ghlúin amháin.
Cén chaoi a cuireadh tús leis an sloinne?
Thosaigh daoine san Eoraip ag glacadh le sloinnte oidhreachtúla le linn na Meánaoiseanna, le himeacht na tréimhse idir thart ar 900 agus 1300, agus leanadh ar aghaidh leis an athrú de réir a chéile in áiteanna difriúla. Bhí ainmneacha athartha, ar nós na n-ainmneacha a úsáidtear san Íoslainn, fós in úsáid ag an gcuid ba mhó de dhaoine a raibh cónaí orthu i gceantair iargúlta sa Bhreatain Bheag suas go dtí lár an 19ú haois. Níor éilíodh ar dhaoine sa Tuirc sloinnte a úsáid ach ón mbliain 1934 ar aghaidh.
Níor úsáid ach lucht an uaslathais sloinnte ar dtús. Tar éis do chúrsaí litearthachta dul i bhfeabhas agus don Rialtas tosú ag coinneáil taifid ní ba mhionsonraithe, áfach, thosaigh aicmí eile á n-úsáid freisin. Bhí an chuid ba mhó de shloinnte idir bhunaithe agus oidhreachtúil faoin 18ú haois, sna ceantair uirbeacha ar a laghad.
In Éirinn
Bhí Éire ar cheann de na chéad áiteanna san Eoraip le glacadh le sloinnte oidhreachtúla, agus tugann roinnt fianaise le fios go raibh siad in úsáid go seasta ó thús an 10ú haois ar aghaidh fiú amháin. Údar an-simplí a bhí leis sin. Is é sin go raibh sochaí mheánaoiseach na hÉireann bunaithe ar an teaghlach sínte. Is é an grúpa daoine a raibh gaol agat leo a shocraigh na rudaí a d’fhéad tú a bheith i do sheilbh, an obair a d’fhéad tú a dhéanamh, cé ar throid tú ina aghaidh agus ar a shon... Comhartha dílseachta iontach a bhí i sloinnte athartha, a léirigh do gach uile dhaoine ‘cér leis thú’.
Sa chuid eile den Eoraip, d’fhéadfadh sé go raibh sloinnte bunaithe ar shuíomh - Leonardo da Vinci, 'Leonard as Vinci' - ar shlí bheatha - Baker, Smith, Thatcher - nó ar leasainmneacha tuairisciúla - Belcher, Little, Short. Ach bhí an chuid ba mhó de shloinnte ina n-ainmneacha athartha in Éirinn, a d’úsáid Mac nó Ó.
Ní rud seasta a bhí i nglacadh le sloinnte anseo, ámh. Ar feadh breis is sé chéad bliain, cruthaíodh sloinne i ndiaidh sloinne do chraobhacha agus d’fhochraobhacha de theaghlaigh shínte ollmhóra de réir mar a d’éirigh siad ní ba thábhachtaí agus mar a chuaigh an tábhacht sin i léig. Mar shampla, bhí an-fhonn ar gharchlann Bhriain Bhóramha (a fuair bás sa bhliain 1014) a chur in iúl don saol mór go raibh gaol acu leis an bhfear mór agus thosaigh siad ag úsáid an tsloinne Ó Briain. Ach roghnaigh mic le duine den gharchlann sin, Mathghamha Ua Briain, ainm a n-athar féin a úsáid le tús a chur le sloinne úrnua, Mac Mathúna. Ceithre ghlúin ina dhiaidh sin, tháinig an t-ainm Mac Consaidín ó Chonsaidín Ní Bhriain, arbh é easpag Chill Dalua é.
Tháinig na Normanaigh chun na hÉireann i lár an 12ú haois agus an t-athrú seo faoi lánseol, tráth nach raibh sloinnte oidhreachtúla dá gcuid féin acu go fóill. Tháinig an cleachtas Éireannach go réidh leo. Is iomaí sloinne nua a tháinig ó mhuintir De Burgo, a raibh an chuid ba mhó de Chúige Chonnacht faoina n-úinéireacht tráth dá raibh. (Mc)Davey, (Mc)Davitt, (Mc)Doak, (Mc)Nicholas (Mc)Philbin, McRedmond - gach ceann acu a tháinig ó ainmneacha ball tábhachtach de mhuintir de Burgos, agus a chloígh go docht daingean leis an traidisiún Gaelach.